The Fake Faduda

 
 

 

Is gasúr Uladh mé,
Cé gurb as Cill Mhantáin dom.
Is mise an “Fake Faduda”,
Cad é mar atá tú?

Cha raibh mé riamh i mBéal Feirste,
Cha raibh mé riamh i Gaoth Dobhair.
Tá blas na ndaoine Uladh agam,
Agus tá sé ait go leor.

Ní bhíonn sé agam i rith an lae,
Agus mé ar mo chiall.
Ach má tá alcól i mo chorp,
Ní fheicfidh tú a leithéid riamh.

Is cuma má tá beoir nó fíon i gceist,
Tá siad go léir mar an gcéanna.
Faighim pian i mo ghíosán;
Agus bíonn mo Ghaelic trí chéile.

Cuirim R’s ar fud na háite,
Ní féidir liom ‘seachtain’ nó ‘hocht’ a rá,
Ach tá mo Ghaelic fíorcheolmhar,
Agus bíonn sé sothuigthe, de ghnáth.

So má tá Gaelic Uladh uait,
Má tá sí de dhíth.
Ní gá duit cleachtadh a dhéanamh,
Déan dearmad ar na leabhair gramadaí.

Fan glan ar an leabharlann,
Fan amach ón ollscoil fosta,
Má tá blas Uladh uait,
Dáiríre, níl sé ró-chasta,

Níl i gceist ach alcól,
Rud atá fíorchabhrach liom.
Boidéal vodca Tesco a ól,
‘Is gheofar na torthaí láithreach bonn.

Mar sin, ná bígí buartha,
Beidh cúpla deoch againn,
Beidh muid go léir mar Ultacha,
‘Is déarfaimid “Sláinte!” Ar aghaidh linn!

 

 

Advertisements