Toghcháin agus todhchaí na hEorpa

 
 

Tar éis gluaiseacht na Riocht Aonataithe agus na Stát Aontaithe níos cóngaraí don eite dheis, an leanfaidh mór-roinn na hEorpa a sampla?


LE naoi mhí anuas tá an cuma ar an scéal go bhfuil nós polaitíochta domhan ag luascadh go dtí taobh na heite deise den speictream polaitíochta. Toradh Brexit, Trump sa tigh Bhán, agus anois toghcháin na hEorpa. In olltoghchán 2015 sna Ríocht Aontaithe, bhuaigh UKIP 12.7% curtha i gcomparáid le toghchán 2010 nuair a fuair siad 3.1% den vóta. Cé nár ghnóthaigh siad ach suíochán amháin san olltoghchán is déanaí, méadaíodh a sciar den vóta fá ceathar. Ba iad UKIP an páirtí ba mhó a bhí i bhfábhar an Aontas Eorapach a fhágaint (ba é sin an cúis gur bunaíodh an páirtí sa chéad dul síos) ach ní hiad na t-aon “Euro-sceptics” atá ann san Eoraip. Le déanaí bhí olltoghchán na hÍsiltíre ann agus tá olltoghchán na Fraince ag teacht. Is leis an Ísiltír agus an Fhrainc beirt de na Euro-sceptics is mó in Iarthat na hEorapa, Geert Wilders, ceannaire an Partij voor de Vrijheid (PVV) agus Marine Le Pen ceannaire an Front National (FN). Comh maith lena gcomhpháirtithe sna Riocht Aontaithe, tá tacaíocht do na páirtithe polaitíochta seo tar éis fás le roinnt blianta anuas.

Tá na casaoide céanna acu vsa Fhrainc agus atá sa Bhreatain agus san Ísiltír maidir le teifigh agus inimirce cé go bhfuil cúlra an scéil difriúil ann, tá an meon agus an teachtaireacht céanna á chur amach ag an FN is atá ag an PVV agus UKIP”

Ó thaobh olltoghchán na hIsiltíre de, bhí eagla ann go dtiocfadh méadú mór ar a sciar den vóta, ach níor tháinig, ghnóthaigh siad 13% den vóta, ardú de beagnach trí faoingcéad ón olltoghchán deirneach, ach níl an méadú comh mór sin is a d’fhéadfadh a bheith. As an 28 páirtí a ghlac páirt san toghchán, gnóthaigh 13 acu suíochán. Chaill na Lucht Oibre níos mó ná 19% de sciar an vóta ó 2012. Fuair mórán de páirtithe taobh na heite deise ardú ina gcuid tacaíochta, mar aon leis an Bhreatain dhá bhliain ó shin. Rud suimiúil faoin dtoghchán ná gur gnóthaigh DENK 2.1% den vóta agus trí shuíochán, páirtí nua atá iontu. Bunaithe ag beirt polaiteoir Ollanach-Turcach a thréig páirtí na Lucht Oibre i 2015. Deireann an irisleabhar “The Economist” go bhfuil cineál nua de pholaitíocht na féiniúlachta atá le feiscint anseo; rud mór ar clár an pháirtí ná imirce agus cearta imircigh, agus de réir staitisticí an toghchán. Tá sé ráite faoin bpáirtí gur cosantóir é don Tuirc, agus tá sé mar aidhm acu leasa na Tuirc a chur chun cinn. Taispeáineann torthaí seo nach bhfuil an cumhacht ar fad ag taobh na heite deise, agus go bhfuil laghdú cumhachta ag na páirtithe móra lárnacha.

Cad is féidir linn a rá anois, faoin gcuid eile den Eoraip? Castar go dtí an Fhrainc, agus toghchán na hUachtarántachta agus i ndiadh sin an toghchán reachtach. Faoi láthair is é Francois Hollande ón bpáirtí Sóisialach atá i bPálás an Elysée, ach cé a bheidh ann ina dhiadh?  Tá na casaoide céanna acu vsa Fhrainc agus atá sa Bhreatain agus san Ísiltír maidir le teifigh agus inimirce cé go bhfuil cúlra an scéil difriúil ann, tá an meon agus an teachtaireacht céanna á chur amach ag an FN is atá ag an PVV agus UKIP.  Tá aon dhuine dhéag ar tóir na hUachtarántachta i mbliana agus de réir na bpollaí, is idir Le Pen ón FN, agus Macron, lena pháirtí En Marche! Tá tacaíocht do pháirtí an FN tar éis fás go mór ó am a bhunú. Tá an páirtí go mór i gcoinne an AE agus suite go mór ar thaobh na heite dheise. Cé go bhfuil an páirtí tar éis éirí níos measartha ina gcuid tuairimí, tá sé ráite futhu go bhfuil siad frith Moslamach agus go nascann siad an Ioslam leis an sceimhlitheoireacht. Cé nach bhfuil ach dhá suíochán acu sa Tionól Náisiúnta faoi láthair, le toghchán regiúnaigh 2015, ghnóthaigh siad 28% den vóta, agus le ardú in san sceimhlitheoireacht agus an ghéarchéim teifí, tá tacaíocht dóibh ag ardú comh maith. Ar an lámh eile, tá Macron. Bhí Macron mar bhall den pháirtí Sóisialach, ach d’éirigh sé as chun bheith ina pholaiteoir neamhspléach agus tar éis éirí as a phost mar Aire Eacnamaíochta, bhunaigh a pháirtí féin; le aidhmeanna atá go mór i bhfábhar an Aontas Eorapach agus a dheireann nach mbaineann sé le ceachtar eite. Tá sé i bhfábhar polasaí imirce mar atá curtha i bhfeidhm ag Angela Merkel sa Ghearmáin de “fáilte roimh cách”.  Beirt fíor dhifriúil is ea iad agus is suimiúil a bheidh an toradh. É sin ar fad ráite, is rud neamh cinnte iad na pobalbhreith, tá seans fós ann go tiocfadh biseach ar fheachtas Fillon. Faoi mar atá fecithe san Ísiltír agus sa Bhreatian, le fás i dtreo amháin bíonn fás in san treo eile agus bíonn roinnt i bhfábhar páirtithe níos lú comh maith. Is dócha go mbeidh trothaí an dara bhabhta níos fuarsta réamhfhaisnéis a thabhairt orhtu, ach don chéad bhabhta, ní bheifí ag tabhairt tuairim daingean ar an gcás.

 

Gluais

Eite deis- right wing olltoghchán- general election polaitíocht na féiniúlachta- identity politics na casaoide céanna- the same girevances AE-EU

Advertisements