Sláinte Meabhrach i gceantar tuaithe na hÉireann

 
 

Labhraíonn Valerie Ní Thiarnaigh faoi na ndúshlán breise a bhaineann le sláinte mheabhrach, agus daoine ina chónaí faoin tuath

Is léir go bhfuil galar meabhrach eindéimeach in Éirinn- deirtear go mbeidh taithí de dheacrachtaí sláinte inchinne ag 25% na pobail ag pointe éigin agus is léir go huimhir fhíor- ard é sin. Ach, is léir freisin go bhfuil mórán tar éis athrú maidir le cúram sláinte meabhrach in Éirinn. Glactar faoin am seo go bhfuil an tsláinte inchinne mar rud ilfhachtóiriúil, le raon fachtóir, ó bheith fostaithe,  go muintearas a mhothú. Don chuid is mó, tá tuairimí tar éis athrú, chomh maith le níos mó seirbhísí a bhunú. Ach, tá sé le feiceáil go bhfuil fadhbanna le sláinte inchinne fíor coitianta faoin tuath, agus tá an chuid is mó de na háiseanna nua sin lonnaithe sa chathair. Is léir ó shin go bhfuil míchothromaíocht, agus níos mó fadhbanna á chruthú.

Tá mórán cúiseanna a bhaineann leis na rátaí níos airde a mbíonn le feiceáil faoin tuath. Ar dtús, tá na pobail níos lú faoin tuath. Cruthaíonn sé sin roinnt fadhbanna- bíonn daoine níos iargúlta, cé go bhfuil na pobail beag. Ní féidir le daoine casadh le cairde nua chomh héasca, nó buail le daoine le suimeanna cosúla. Freisin, de bharr na pobail bheaga, is minic a bhíonn eolas ar gach duine ar a cheile, agus scaipeann cúlchaint go tapa. Bíonn eolas ag gach duine ar ghnó gach duine eile, agus uaireanta, tá sé deacair rudaí a coimeád príobháideach. As sin, is dócha go ndéantar  rudaí níos deacra le haghaidh daoine le fadhbanna sláinte inchinne- b’fhéidir go bhfuil sé níos deacra caint le daoine, as ucht easpa dlúth cairde, nó ar fhaitíos go scaiptear d’fhadhbanna timpeall an pharóiste go léir.

Sa dara cás, tá easpa áiseanna le haghaidh caitheamh aimsirí faoin tuath- de ghnáth, níl mórán seachas an club CLG. Is rud soiléir é go mbíonn daoine níos áthasaí, agus caitheamh aimsire acu, cé go bhfuil rud éigin (a thaitníonn leo) chun díriú air. As ucht an easpa áiseanna, níl mórán rogha, agus cruthaíonn sé sin bunús le haghaidh leamhas, a oibríonn mar bhunús le haghaidh dúlagar.

Chomh maith le sin, is léir go bhfuil easpa deiseanna fostaíochta faoin tuath. Fós, tá roinnt mhór den phobal mar fheirmeoirí, agus is minic a mbíonn brú ar an mhac is síne dul i gceann feirmeoireacht- agus fiú easpa súim aige, níl mórán rogha tugtha, as ucht fonn an chlann an talamh agus na hainmhí a cóiméad sa teaghlach. Cuireann an easpa rogha ardbhrú ar daoine agus leis an strus de bheith gafa i bpost deacair, le beagán seans d’éirí as,  go háirithe go mothaíonn siad brónach. In éineacht le sin, ní bhíonn raon mór comhlachtaí, agus le sin, poist ar fáil. Go minic, bíonn sé deacair post a  fháil agus fiú post seasmhach a bheith acu, mar is minic an cás go bhfágann tionscal ceantair tar éis tréimhse, chun monarchana a bhunú i dtíortha le forchostais níos ísle, agus bíonn ar dhaoine roghanna deacair a dhéanamh. Bíonn ar dhaoine a teaghlaigh a fhágáil, agus dul chuig an mbaile mór, nó dul ar imirce go tír eile ar feadh am fada chun fostaíocht a fháil. Cuireann na fíricí sin strus ollmhór ar dhaoine, agus is minic a bhíonn cásanna féin bhás tar éis poist a chailliúint.

Freisin, tá meon de choimeádachas le feiceáil faoin tuath. Tá sean tuairimí faoi shláinte mheabhrach forleathan, agus is féidir leis an rud sin bheith fíor fritorthúil. Is minic a cheapann an pobal gur duine buile iad na daoine a mbíonn deacrachtaí sláinte inchinne acu. Déanann sé an-damáiste do dhaoine, nuair nach bhfuil siad aige féin, agus nach dtuigeann daoine go bhfuil an duine atá ar aithne acu fós ann- seachas le fadhbanna acu ag an bpointe ama sin. Chomh maith le sin, uaireanta bíonn ar daoine glac le róil inscne thraidisiúnta, rud a chuireann fíor strus ar daoine- ní bhíonn sé normalach chun athair fanacht sa bhaile, agus an mháthair dul amach ag obair ar an bhfeirm mar shampla. Má tá súim agat rud difriúil a dhéanamh le do shaol, is minic nach dtaitníonn an rud sin leis an phobal- agus mar a léirítear cheana, nuair a bhíonn na pobail beag, agus daoine ag caint idir a céile, is féidir  bearrán a dhéanamh ar dhuine.

Ar deireadh, tá sé deacair seirbhísí meabhairghalair teacht air faoin tuath. Is minic nach mbíonn dochtúir san áit, seachas dochtúir ginearálta amháin. Is pointe tosaithe maith é an dochtúir ginearálta, ach cad a tharlaíonn nuair atá seirbhís shainfheidhmeach atá ag teastáil?  Bíonn ar daoine taisteal chun síciatraí a fheiceáil- de ghnáth tar éis bheith ar liosta feithimh. Níl an fhadhb mar an gcéanna sa chathair, cé go bhfuil níos mó dochtúirí agus níos mó seirbhísí ar fáil. Is rud dainséarach é nach bhfuil sé éasca teacht ar na seirbhísí seo, mar nuair atá dúlagar, nó riocht eile ag duine, agus níl siad ag fáil chóir leighis, méadaíonn an seans de féin bhás go mór.

Cad ba cheart dúinn a dhéanamh chun na fadhbanna seo a shocrú? Ar dtús, caithimid na sean tuairimí a chaitheamh as an bhfuinneog go hiomlán- cé gur rud deacair é, mar tá na tuairimí sin go daingean sa tsochaí- mar is rud uafásach é go bhfuil brú ar daoine as ucht gnáis an phobail neamhshrianta. Chomh maith le sin, tá gá le háiseanna agus seirbhísí breise a chur in áit, ar nós áiseanna sóisialta, agus ionad pobail, le raon leathan roghanna ranganna agus eachtraí chun daoine a cóiméad gnóthach, agus mothú muintearas a fhostú. Tá gá le hinfheistiú a dhéanamh, agus oideachas a chuir ar daoine, ionas go mbeidh siad in ann poist a fháil. Ach, b’fhéidir an rud is tábhachtaí ná tá gá le níos mó seirbhísí meabhairshláinte an Rannóg Sláinte Poiblí a lonnú i gceantair iargúlta, faoin tuath.

Advertisements