Prionsacht na Sealand – An Tír Is Lú Ar Domhan

 
 

Labhraíonn Cian Ó Tuathaláin faoi scéal na Sealand, anois gur cailleadh a Taoiseach agus an tír fholamh.

Fuair ceannaire na stáit is lú ar domhain bás an mhí seo caite, Paddy Roy Bates ab ea é, Prionsa na Sealand.
Ní féidir a shéanadh go bhfuil stair na tíre seo thar a bheith spéisiúil, agus, ar ndóigh, an pháirt a bhí ag a hiarcheannaire léi. Bhunaigh Prionsa Roy an tír iargúlta seo i lár na Muire Thuaidh i 1967. Bhí suim ollmhór aige sna stáisiúin bhradacha raidió agus d’aimsigh sé dúnfort tréigthe de chuid an airm Bhriotanaigh, suite in uiscí idirnáisiúnta, sé míle ó Essex, Sasana.
Dar leis a mhac, Michael, ‘bhí sé ar intinn ag [Roy Bates] chun stáisiún a bhunú ar an dúnfort seo, ach ansin bhí idé aisteach aige chun stát ceannasacha a fhógairt ann’. Rugadh Sealand ar an 2ú lá de Mheán Fómhair, le Prionsa Roy á stiúradh agus a bhean, Joan, ina banphrionsa.
Den chuid is mó, sheinn an Prionsa ceol ó Fhrank Sinatra is a leithéid óna bhaile nua, ach thug sé faoi dhearadh go raibh ré an rac-cheol ró láidir le seachaint. Thabhairt sé thriail éisteachta do na Rolling Stones, ach díbríodh iad ó Sealand mar mheas an Prionsa gur ‘lucht seafóideach’ ab ea iad.
Ag an bpointe sin bhí roinnt deacrachtaí leis an bPrionsa agus an Bhreatain Mhór maidir le cúrsaí fearainn. Bhí cás na Sealand curtha os comhair na cúirte, ach d’éirigh le Bates ar bhonn go raibh Sealand taobh amuigh den fharraige Shasanach.
I measc na rudaí a rinneadh chun neamhspleáchas a thaispeáint i Sealand, bhí bunreacht scríofa, bratach cruthaithe, amhrán náisiúnta chomhchurtha, agus airgeadra déanta. D’éirigh conspóid sna 1990í nuair a bhí an iomarca pasanna ó Sealand i láthair ar fud an domhain. Aimsíodh Pas ó Sealand i Miami, Florida, i 1997, in áit a raibh lámh ag dearthóir Iodálach, Gianni Versac, ina bhás féin. Úinéir an pas i gceist ná Gearmánach, duine nach raibh ceart aige pas ó Sealand a bheith aige ar chor ar bith, agus stopadh cló na pasanna seo ina dhiaidh.
Ní hé sin an t-aon uair a bhí aird domhanda dírithe ar Sealand. I 1978, fuair Monarcacht na Sealand cuireadh bréagach chun dul go Vienna i gcomhair comhdáil, ach idir an dá linn, rinne dream Gearmánach ionradh ar an oileán folamh. D’fhostaigh an Prionsa a seanchomradaí ón airm chun teacht leis i héileacaptar agus na ropairí a ghabháil. Choimeád siad duine amháin dóibh mar ghiall, ag déanamh caifé agus ag glanadh na leithris go dtí gur scaoileadh é dhá mhíonna ina dhiadh.
Chum an Prionsa mana na Sealand leis féin, ‘E Mare Libertas’, Ón fharraige – Saoirse.
Le blianta anuas, rinne Rialtas na Sealand airgead ó shuíomh idirlín na tíre, www.sealandgov.org. Ar an ngréasán seo, tá an cuairteoir in ann t-léantaí cheannach le I Faoi láthair na huaire, tá tú in ann teidil a cheannach chomh saor le £29.99, ach chun teidil níos cumhachtaí a cheannach ar nós Cunta nó Cuntaois, caithfidh tú £199.99 a dhól amach. Smaoineamh air, bheinn i mo thiarna féin ar chostas €25 ar a laghad, mo theidil scríofa roimh m’ainm ar bharr mo pháipéir scrúduithe, nó mo leathanach Facebook, nó m’iarratais phoist.
Ní bheadh fadhb ar bith ag déagóirí agus iad ag baint triail as dul isteach sna clubanna oíche, le cárta aithintis ó Sealand ag costas £25. Thairis sin, ní bheadh faitíos ar an doirseoir slándála ach an oiread, nuair a fheiceann sé go bhfuil an leaid le sé bliana déag d’aois os a chomhar ina chunta, an mbeadh?
Is foinse grean é Sealand dom i gcónaí. Sciathann sí i gconaí mé, an tslí ina bhfuil scéal na tíre seo chomh haisteach is atá. Mar mhac léinn na tíreolaíochta, bím i gcónaí ag breathnú ar fhiricí stáit agus creidim go bhfuil staitisticí na Sealand den chuid is greannmhara atá feicthe ariamh agam. Achair: 550m². Daonra: 2 (sealadach). Rialtas: Monarcacht Bunreachtúil. Grúpaí eitneach: Eorpach, Cugasach. Déamainm: Sealander/Sealandic sa Bhéarla. Ag deireadh an lae, a cheapaim dom féin, is teach réamhdhéanta ar chosa croise é.
Ansin, cuimhníonn liom. Rugadh fear éicint a thabhairt suas a shaol chun troid leis an airm Briotanach nuair a bhí sé chomh óg le cúig bliana déag d’aois. Bhí baint aige leis an gCogadh Cathartha Spáinneach. Bhunaidh sé náisiún as a bhata féin agus throid sé chun aitheantas idirnáisiúnta a fháil don tír sin. Ní oileán simplí in aice na Sasana í Sealand. Is toradh d’fhear aislingeach í, a bhí baile do chlann ar feadh gluain iomlán, amach as ionannas an mhórthír.
Má tá tú ag léamh an alt seo, agus tá suim agat chun a bheith an chéad Prionsa eile de Sealand, caithfidh tú beagánín níos mó ná €25 a íoc. Tá an seandhúnfórt (darbh ainm HM Fort Roughs) le díol ar praghas £600,000. Seans chun náisiún Gaelach nua a bhunú ar taobh eile den Bhreatain Mhór, b’fhéidir.
In agallamh i 1980, dúirt an Prionsa Roy: ‘B’fhéidir go bhfuil mé chun bás a fháil óg, nó b’fhéidir gheobhaigh mé bás sean, ach ní gheobhaigh mé bas as leadrán go deo’. Fuair sé bás ag 91 bliana d’aois, tar éis tréimhse le galar Alzheimer.

____________________
Gluais:
Bhradacha – Pirate Radio
Ionradh – Invasion
Giall – Hostage
Cunta/Cuntaois – Count/Countess
Doirseaoir slándála – Bouncer
Sciathann – Baffles
Cugasach – Caucasian

Advertisements