Prátaí

 
 

 

 

Prátaí, Trátaí, Oinniún

 

Liosta siopadóireachta a sheol tú dom inniu

 

Is cuimhin liom seal i bhfad ó shin

Gur phléascadh mo chroí le sceitimíní

Nuair a splancadh d’ainm suas ar an bhfón

 

D’fhanaimis suas go maidin

Ag plé ár n-aislinglí, ár mianta

Tharla sé chomh mall sin nár bhraith mé an chaint ag sleamhnú

i dtreo na cinntí laethúla

Cé leis a bpléann tú do rúin anois?

 

Thiteamar inár gcodladh i lámha a chéile

inár leaba aréir

Bhí brionglóid agat faoi spéirbhean Spáinneach

A thug póg duit i bpub

D’imigh tú abhaile léi

 

Prátaí, Trátaí, Oinniún

 

Níor inis mé duit go raibh an bhrionglóid chéanna agam,

Ach amháin nach raibh tusa i láthair

 

 

Advertisements