Meáin na Gaeilge

 
 

Déanann Brían Ó Donnaile scrúdú ar na Meáin Gaeilge go luath sa 20ú haois

 

Ní móran athrú a tháinig ar na meáin náisiúnta in Éirinn faoi deireadh Cogadh na Saoirse i 1922. B’fhíor sin é go gcuitear coiscthe ar roinnt méain Poblachtaigh i rith gCogadh na Saoirse, ach, ar a mhéid, chloí na meán le hOifig an Chinsire dá ndeoin féin, agus, den chuid is mó, d’fhan obair agus dearcadh na meáin mar an gcéanna le linn na 1920idí.

Cuirtear na méain faoi chois go háirithe tar éis an tÁcht um Chosaint na Ríochta 1914. B’iomaí nuachtáin Poblachtach gur theip de bharr seo agus, in ainneoin na foilseacháin a bhí á scaipeadh ag rialtas Poblacht na hÉireann, ar nós The Irish Bulletin (atá fós á foilsiú inniú, gan an bolscaireacht), d’fhan na preasanna príomhshrutha ar thaobh na n-Aontachtaithe. Go cáiliúil, d’iarr The Irish Times ar réim an ama a chuir chun báis cinnirí Éirí Amach na Cásca.

Roimh an Conradh Angla-Éireannach, ba iad The Irish Times, The Daily Telegraph, agus The Daily Mail páipéirí na bProtasúnaigh den chuid is mó, agus bhí tóir ar nuachtáin ar nós The Irish Independent, Sunday Independent, agus The Evening Herald i measc na Caitliceach.

Áfach, bíonn scéal na Gaeilge ar iarraidh sa comhrá faoi mhéan Éireannach na 20ú haois. In ainneoin athbheochan litríócht, filíócht, agus cúltúir na Gaeilge timpeall ar chás na 20ú aoise, is minic a tugtar neamhaird ar na preasanna Gaelacha agus ar foilseacháin teanga na Gaeilge.

Ní féidir scéal na meán Gaeilge a cruthú gan Irisleabhar na Gaedhilge a lua. Ba é Conradh na Gaeilge, bunaithe i 1883 ag Douglas Hyde, a stiúir Irisleabhar na Gaedhilge go dtí 1909, le David Fleming mar an chéad eagarthóir ar, agus níos deanaí, Eóin Mac Néill. Bhí filíocht, dráma, stair, agus ceachtanna Gaeilge cuimsithe san irisleabhar ar a ghlaoigh staraí Donnchadh Ó Corráin “an chéad tréimhsiúil tábhachtach dátheangach Éireannach.”

In alt scíobhtha le Tomas O Flannghaile, ceannrodaí athbheochan na gaeilge, sa tríú eagrán, thug sé faoi deara gur raibh tréimhseacháin gaeilge foilsithe i bPáras, sa Róimh, agus i Louvain, sa Bheilg, ach go dtí 1882 ní raibh aon irisleabhar as Gaeilge á foilsiú in Éireann. Bhí Pádraig Mac Piarais, Dubhghlas de hÍde, agus an tAthair Peadar Ó Laoghaire i measc na scríobhneoirí.

Ceann de na fáthanna a bunaíodh an irisleabhar ná gur bhunaigh Dubhglhas de hÍde agus an Cunta Pluincéad Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, le forbairt agus caomhnú na gaeilge mar a n-aidhnm amháin. Mar brúghgrúpa, bhí siad in ann gaeilge a fháil ar curaclam scoileanna chéad, dara, agus tríú leibhéal. Tháinig deireadh leis an irisleabhar i 1909.

Bhí Conradh na Gaeilge an-páirteach i gnó foilsitheoireachta timpeall tús na 1900idí le páipéir naisiúnta eile darbh ainm An Claidheamh Soluis, a scaipetear idir 1899 agus 1931, le Eóin Mac Néill mar an chéad eagarthóir ar agus Pádraig Mac Piarais ag teacht ina dhiadh.

Mar páipéir oifigiúil Conradh na Gaeilge, ba é foinse suimiúil de chuid náisiúnachas Éireannach i rith na 1900idí. Faoi Meitheamh 3ú 1916, bhí turascáil déanta faoi Éirí Amach na Casca: “Tá an chathair seo Baile Átha Cliath bonn os cionn agus tá an tír eile mar an gceanna.”
Díreach tar éis an Éirí Amach agus i dtagairt ar an chinsearaigh a bhí coitianta ag an am, scríobhtar nar raibh móran eolas acu faoi na h-imeachtaí le linn seachtain na Cásca, agus “dá mbeadh an t-eolas againn b’féidir nach mbeadh an cead againn gach taobh den scéal a nochtadh.”

Bhí litreacha as Béarla le feiceáil san eagrán céanna ag glaoigh ar bhall chuid Conradh na Gaeilge chun faoiseamh a thabairt chuig íospartaigh an éirí amach, agus ag cosaint Eóin Mac Néill tar éis a bhí cúisithe de chuid páirt a ghlacadh san éirí amach.

Tháinig an nuachtán seachtainiúil Fáinne an Lae faoi smacht An Claidheamh Soluis i 1909 agus lean an foilsiuchán ar aghaidh mar nuachtán amháin faoi ainmneacha eagsula, ar nós Misneach, go dtí 1932 nuair a tháinig deireadh leis.

Cé gur scoir Irisleabhar na Gaedhilge agus An Claidheamh Soluis de bheith á foilsiú roimh lár an 20ú haois, ní raibh sé cinnte go mbeadh na meáin Gaeilge ag dul i dtreo na fhírinne.

Bhunaigh Conradh na Gaeilge Feasta i 1948 chun an Ghaeilge a spreagadh agus í a chuir in oiriúint san aois nua-aimseartha trí filíocht, eolaíocht, agus smaoineamh polaitíochta a foilsiú. Fós á foilsiú inniú, tá an file Pádraig Mac Fhearghusa ina eagarthóir ar an iris ó 1996, ag machnamh ar cúltúir agus cúrsaí reatha. Ó impleachtaí na Breatimeacha agus ‘claonadh na meán’, go dánta na míosa agus léirmheasanna, is é an aidhm atá acu ná “chun an saol a phlé trí mheán na Gaeilge.” Ar feadh beagnach 70 bliain, foilsítear Feasta gach mí.

Is iomaí file cáiliúile a d’aimsigh áit dóibh féin i Feasta: ainmneacha coitianta ar nós Máirtín Ó Direáin, Máire Mhac an tSaoi, agus Nuala Ní Dhomhnaill, ar leith. Is ábhar dóchais  Feasta chun misneach a thabhairt do scoláirí dara leibhéal agus mic léinn tríú leibhéal dul i dtreo na scríbhneoireachta Gaeilge, agus le haon dóchas, rachaidh obair Feasta agus eagráin Gaeilge eile ó neart go neart sna blianta amach romhainn.

Advertisements