Iriseoireacht na Gaeilge i Ré an Idirlín

 
 

Labhraíonn Mollie O Keeffe faoi Iriseoireacht na Gaeilge

I staid reatha na meáin cumarsáide, tá foilseacháin chlóite ag titim chun deirigh. Toisc go bhfuil an domhain ag bogadh ar aghaidh ó nuachtáin agus ag glacadh le forbairtí sna meáin ar líne, tá na meáin chlóite ar fad i mbaol, agus ní mór dóibh dul i dtaithí leis an ré nua iriseoireachta seo. Tá an méid seo fíor ach go háirithe i gcás iriseoireacht na Gaeilge.

Thánaigh an meath ar dhíolachán nuachtáin de dheasca úsáid suíomhanna idirlíne nuachta ag dul i méid. Bhí litearthacht ríomhairí ag an formhór den phobal, agus bhí daoine ag caitheamh i bhfad níos mó ama ar líne. Spreagtha ag na séirbhísí leathanbhanda níos fearr a bhí ar fáil, thosaigh daoine ag teacht ar an nuacht i rith an am a chaith siad ar an idirlín.

Is léir go bhfuil buntáistí eagsúla ag baint le háiseanna nuachta idirlíne. Is féidir foinsí ilmheánach a úsáid; físeanna a leabú isteach le hailt, nó naisc chun tuilleadh eolais a fháil ar an scéal. Tá an léitheoir in ann an scéal a léamh níos tapúla agus an t-eolas a chuimhniú go heasca leis na hacmhainní seo. Is féidir nuacht an lae a léamh gan nuachtán a cheannach is gan costas ar bith, agus, rud atá fíor-thábhactach sa tsochaí neamhghníomhach seo, gan an teach a fhágáil fiú.

Dá bharr, chuaigh díolacháin nuachtáin in olcas, agus nuachtáin Ghaeilge san aireamh. Bhí na deacrachtaí seo, in éineacht leis na fadhbanna ar fad atá ag baint le foilsiú nuachtáin i mionteanga, marfach de cuid den mheáin Ghaeilge. I mí Nollag sa bhlian 2008, dúnadh an nuachtán laethúil Lá Nua, toisc go raibh an ciorclaíocht ag titim, agus d’aontaigh Foras na Gaeilge chun deireadh a chur leis a chistiú. Ocht mí ina dhiaidh sin, i Meitheamh sa bhlian 2009, dúnadh Foinse nuachtá seachtainiúil, ar chúiseanna cosúil- ní raibh sé ag baint cóimheá airgid amach.

Ach bhí an t-ádh le Foinse agus i mí Samhain an bhlian céanna, bhí an nuachtán in ann preabadh ar áis ón méid seo, agus forbairtí nua-aimseartha a dhéanamh chun coimeád suas leis na meáin ar líne. Ón am sin, bhí Foinse dáilte leis an Irish Independent, ceann de na foilseacháin is mó sa tír. Gluais iontach cliste a bhí ann, is dóigh, le ciorclaíocht seachtainiúil de thart ar 150,000, léim ollmhór óna chiorclaíocht roimhe de 4,500, ag tabhairt na meáin Ghaeilge isteach i dteaghlaigh ar fud na tíre.

Ar ndóigh, níl na fírící seo go hiomlán cruinn. Fiú go bhfuil 150,000 chóip den pháipear scaipthe timpeall na tíre gach Céadaoin, ní ciallaíonn sé go bhfuil 150,000 dhaoine á léamh. Is fíor go gcaitheann go leor daoine amach é mar aon leis na forlíontaí eile nach bhfuil mórán suime acu iontu, ach ag an am céanna, má tá an nuachtán Ghaeilge ag teacht lena bpáipeár nuachta laethiúil, bíonn daoine á léamh nach gceannóidís é ar chuma eile.

Fadbh mór atá ag nuachtáin seachtainiúil mar Foinse ná go bhfuil sean-nuacht ina leathanacha. Tá nuacht an lae ar fáil ar líne, le nóimeád-ar-nóimead nuashonruithe. Ní féidir le nuachtáin laethúil dul in iomaíocht leis seo fiú, agus mar sin, tá a shuíomh idirlín féin ag an formhór de nuachtáin sa tír seo. An bhlian seo, d’aimsigh suirbhé a bhí déanta ag an BBC go mbaineann 59.9% de dhaoine Éireannacha úsáid as suíomhanna nuachtán, níos mó ná an 57% ab fhearr nuachtáin chlóite a léamh. Baineann 54% de dhaoine úsáid as gutháin cliste chun seic a dhéanamh ar an nuacht go minic i rith an lae, ar aipeanna nó suíomhanna nuachta. Is léir nach bhfuil an phobal foighneach i dtaobh na cúrsaí seo. Mar sin, tá sé fíor-thábhactach do nuachtáin, nuachtáin Ghaeilge san áireamh, a bheith láithreach ar líne.

Nuair a bhí seachtanán Ghaeilge nua lainseáilte, Gaelscéal, sa bhlian 2010, bhí suíomh idirlín lainseáilte in éineacht leis. Ar an suíomh, is féidir súil a choimead ar chúrsaí reatha i rith an lae agus tá an chóip bhog ar fáil ann saor in aisce. Chruthaigh Foinse suíomh chomh maith,

agus in éineacht laithreáin ar nós beo.ie, tá an Ghaeilge infheicthe ar líne anois.

Tá na fadhbanna céanna ag na meáin seo ó thaobh ábharaíocht de. Ní féidir chlúdach na scéalta nuachta céanna leis na meáin Béarla i gcónaí, toisc nach bhfuil na páipéair i gcló ach uair amháin sa tseachtain,  agus dá bharr, ní féidir an lucht léitheora a mhealladh le chursaí reatha na tíre i gcinéaralta. Mar sin, is minic a bhíonn scéalta den Ghaeltacht agus faoin Ghaeilge féin mar phríomhábhar sna nuachtáin. Mar shampla, san eagrán deiridh de Ghaelscéal, tá na scéalta ar fad ar an gcéad ceithre leathanaigh faoi chúrsaí teanga maidir leis an Ghaeilge. Tá cuid mór ag deireadh na nuactáin le nuacht óna Ghaeltachta sna ceithre cúige den tír.

Chun déileáil le scéalta agus ceiste móra an seachtain, tá na nuachtáin seo lán le anailís agus plé. Tá an méid seo le fheiceál i gcolúin Ghaeilge san meáin Béarla go minic freisin, comhfhreagraithe ag plé na scéalta is mó, agus ag spreagadh díospóireacht air i measc a lucht léitheora. Mar aon leis an manna TG4, déanann iriseoireacht na Gaeilge iarracht ‘súl eile’ a thabhairt don phobal.

Tá go leor forbairtí déanta ag na meáin Ghaeilge le fanacht fiúntach sa lá atá inniú ann, ach is léir go bhfuil dul chun cinn leanúnach riachtanach anois, i ré an idirlín.

 

Gluais

Meath- decline

Leabú- embedment

Ciorcalaíocht- circulation

Dáilte- distributed

Foighneach- patient

 

Advertisements