Faoi Riail ag Teanga Dúchais Iasachta

 
 

Grianghraf: peig.ie

An bhliain seo chugainn béimíd ag ceiliúradh an chéad ó Éirí Amach na Cásca 1916, nuair a sheas fir agus mná cróga lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist, agus d’fhógair go misniúil Forógra na Saoirse, go mba Shaorstát í Éire, saor ar deireadh ó smacht phlútach na Breataine. Déarfainn ag an tráth sin nach raibh sé i gceist acu go ndéanfaí neamhaird ar an teanga Ghaelach, a bhí ar cheann de bhunchlocha bhunú na Poblachta, laistigh den chéad chéanna.
Glacann an leagan Gaelach den Bhunreacht tús áite ar a mhacasamhail Béarla i reáchtáil na tíre seo. Bhí cúis ag bunaitheoirí ár dtíre go mba mar seo a bheadh cúrsaí, i ndréachtú an chéad leagain in 1922 agus arís nuair a leasaíodh é i 1937.
Seo thíos Airteagal 8, an t-alt cuí ón mBunreacht: 1 Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í. 2 Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.

Tuigtear ar ndó, sa lá atá inniu ann, go ndéantar mórchuid de chumarsáid sa tír seo as Béarla. Níl aon agó faoi sin. Ach má thosaítear ag do ligean stádas na Gaeilge dul in éig, cá háit a stopfaidh sé? Murar ghá don Ghaeilge bheith ar fáil i ndoiciméid oifigiúla an Stáit (is dócha gur féidir ticéad tráchta a rangú faoin gcur síos seo), cad í an chéad chéim eile di, í a bhaint ón mBunreacht agus ó shaol oifigiúil na tíre go hiomlán? Ar ndóigh tá sé seafóideach go mba bhealach éalaithe ó choir thráchta í an Ghaeilge (go hairithe muna bhfuil focal Gaeilge agat), ach níl an locht ar an teanga ná an Bunreacht as ucht sin. Tá an lucht ansin ar ár ndlíthe agus ar an tslí a gcuirtear i bhfeidhm iad.
Féicimíd ar feadh nóiméid ar thír atá cosúil linn sa tslí a bhfuil níos mó ná teanga oifigiúil amháin aici, sí sin an Eilvéis. Timpeallaithe ag an nGearmáin, an bhFrainc, an Iodáil agus tír nó dhó eile, labhraítear níos mó ná teanga amháin sa tír. Labhraíonn 64.9% Gearmáinis, 22.6% Fraincis, 8.3% Iodáilis agus 0.5% Rómáinis mar phríomhtheanga inti. Ach is teangacha oifigiúla iad sin ar fad. Agus ní mór don Rialtas cáipéisí oifigiúla a chur ar fáil i nGearminis, i bhFraincis agus in Iodáilis.

An difear atá idir an tír seo agus an Eilvéis áfach, ná nach bhfuil teanga ársa álainn náisiúnta “Eilvéisis” acu. Is teangacha na dtíortha timpeall orthu atá ann. Ní bhaineann cultúr agus oidhreacht ar leith leis na teangacha comhaimseartha Eorpacha seo. Cinnte tá cultúr dá gcuid féin ag an Eilvéis, idir sheacláid, uaireadóirí, ghunnaí agus eile, ach níl bunú an stáit ná an stair a ghabhann léi bainteach chomh smior le teanga náisiúnta ar bith, fé mar atá inár dtírse.
Fíric spéisiúil, caitheann an Rialtas níos mó airgid ar sheirbhísí aistriúcháin i gcomhair theangacha iasachta ná mar a chaitheann siad ag aistriú doiciméad go Gaeilge. San iomlán, caitheann Rialtas na hÉireann thart ar €55 billiún gach bliain ar an uile-rud. Níor éirigh liom teacht ar shuim chruinn i gcomhair an méid a chaitear ar aistriúcháin Ghaeilge ach dhealródh sé gurb idir €3m agus €5m sa bhliain atá ann. Níl ansin ach 0.007% de chaiteachas iomlán an Rialtais. Nach fiú an céatadán beag bídeach sin ar mhaithe le teangá ár sinsear a choinneáil ar chomhchéim leis sin ar bhrúigh ár riarthóirí éigeantacha orainn.

Iad siúd a deir nach n-éilítear cóip den Acht um Thalamhaíochta agus Feirmeoireachta 1973 as Gaeilge riamh, cad í an uair dheireanach ar thug siad aghaidh ar a macasamhail Béarla! Más cur amú airgid atá ann, cur as dóibh, tá áiteanna ar féidir i bhfad níos mó sábhála a chur ar bun. Measaim gurb é an méid a bhíonn ann go ró-rialta ná fuath don Ghaeilge á chur in iúl i bhfeisteas cúram eacnamaíochta.
Ní mór dúinn dearcadh níos dearfaí a chothú i dtreo na teanga, feasacht a ardú ar na nithe iontacha comhaimseartha a bhíonn ar bun inti, Na Gaeil Óga, foireann CLG lán-Ghaeilge, Gaelgaírí, Stand-Up as Gaeilge, Ravelóid, Féile Gaelach a bheidh ar siúl den chéad uair i samhradh 2016. Is í ár dteanga í, is linne í, ba chóir go n-úsáidfimis í chuile huair gur féidir linn, bíodh sé sin in aistriúcháin doiciméad oifigiúil stáit, le Gaeilgeoirí eile, agus sinn ag cleachtadh ióga, fiú agus sinn ag bualadh craicinn.

Ceiliúradh an chéad an bhliain seo chugainn, go maire an Ghaeilge céad eile.

Advertisements