Conas mar a bhraithníonn an toghchán go dtí seo?

 
 

Scríobhann Stiofán Ó hIfearnáin ar chúpla iarrthóir an toghchán i mbliana.

Athbheochan Fhianna Fáil: níos luaithe ná mar a cheapamar? Níor chreid éinne sa tír seo dhá bhliain ó shin go mbeimís ag caint faoi h-athbheochan Fhianna Fáil chomh luath agus atá muid faoi láithir. Ach tá athruithe móra tar éis teacht orainn mar tír i gcoitinne tar éis an toghchán deireanach a bhí sa tír seo againn.

Ba thragóid ollmhór é bás Shane McEntee an mhí seo chaite, agus in ainneoin an méid trua a bhí le rá ag polaiteoirí móra Fhianna Fáil, is cinnte go raibh daoine san Fheidhmeannas Náisiúnta ag screadaíl le háthas go raibh spás nua sa Rialtas, mar tá seans an-láidir ann go mbeidh an bua acu san fhothoghchán a tharlóidh i mbliana sa Mhí Thoir. Is rud déistineach é nuair atá daoine ag smaoineamh faoi bua an thoghchán nuair a chuir post den saghas seo le bás fear iontach.

Sean-náth gránna is ea é, ach tá Fianna Fáil ag crosbhóthar faoin am seo agus beidís in ann a lán úsáide a bhaint as bua san fhothoghchán, agus mar thoradh ar iarrachtaí Pearse Doherty sa bhliain 2010, nuair a cheist sé an chúis de fhothoghchán a mhoiliú, beidh Teachta Dála (TD) nua sa dáilcheantar faoi mhí an Mheithimh.

Tá an-mheas ag daoine na háite ar an tSeanadóir Thomas Byrne, fear fíor óg ag braithniú ar aois ginearálta polaitheoirí a bhí ar ‘wish list’ Mhicheál Martin don tSeanad i 2011.

I gcomparáid le háiteanna eile ar fud na tíre, níl an méid céanna deacrachtaí le deileáil ag Fianna Fáil sa dáilcheantar seo, bhí dhá Theachta Dála acu anseo go dtí 2011, agus feictear ar Thomas Byrne mar fhear gan dlúthbhaint láidir leis an ancien regime, agus is cinnte go dtabharfadh a leithéid sin a lán chabhair dó.

Maidir leis na páirtí eile, níl morán taithí ag na hiarrthóirí, is cinnte go mbeadh aithne de shaghas éigin ag daoine ar Catherine Yore (Fine Gael), ceann de na lovely girls a rith sa toghchán dhá bhliain ó shin agus a ghlac páirt sa chlár teilifíse ‘You’re A Star’ roimhe sin.
Ach chuirfeadh sí isteach ar Regina Doherty, an bhean atá fágtha mar TD Fine Gael anseo faoi láthair, agus tá seans maith ann go mbeadh daoine ag gearán da mbeadh beirt bhan sa dáilcheantar chéanna don pháirtí céanna.
Tá seans freisin ann go rithfeadh Catherine Yore le polaitheoir baineann eile, ar nós Sirena Campbell nó b’fhéidir Mairéad McGuinness fiú, cé gur as Contae an Lú í, tá a háit dhúchais, Droim Conrach, ar imeall Mí Thoir agus bheadh seans níos láidre aici ná na hiarrthóirí áitiúla.
Tá próifíl aici atá bunaithe ar níos mó ná polaitíocht tobair an pharóiste, agus de bharr a hoibre mar láithreoir ar RTÉ agus mar pholaiteoir sa Bhruiséal tá sé soiléir gur féidir léi deileáil le brú náisiúnta. Is buntáiste ollmhór é seo di i gcomparáid leis na bean eile sa thoghachán i mbliana, mar is eol dúinn, tá daoine atá in ann obair faoi bhrú ollmhór ag taisteál go mórmhór sa tír faoi láithir.

Fear eile a luaitear ná John Vincent Farrelly, fear a chaith cuid mhór dá h-am sna 80idí agus na 90idí mar TD go dtí gur chaill sé a shuíochán san ollchliseadh sa bhliain 2002 agus atá fós ina chomhairleoir contae. Seasfadh sé do ghuth traidisiúnta Fhine Gael sa cheantar, agus is cinnte go bhfuil go leor taithí aige. Arís, tá buntáiste aige os cionn daoine eile maidir leis an taithí atá aige bainte leis an bpost.

Is cath é an fothoghchán seo idir Fianna Fáil agus Fine Gael don chuid is mó: cé go bhfuil TD ag Páirtí an Lucht Oibre níl éinne eile láidir acu taobh amuigh de Dominic Hannigan, agus tá an chuma ar an scéal go rithfeadh Eoin Holmes sa toghchán, an fear a bhfuair suíochán Hannigan nuair a bhuaigh Holmes suíochán sa tSeanad sa bhliain 2007.

Níl seans ar bith ag Sinn Féin, ní bhfuair siad ach 9% den vóta dhá bhliain ó shin, agus chaill Michael Gallagher, iarrthóir Shinn Féin i 2011, a shuíochán ar an gcomhairle contae dhá bhliain roimhe sin. Nuair a déantar comparáid leo is lena gcomharsan i Mhí Thiar, áit ina bhfuil TD acu, tá siad an-lag ar fad.

Mar fhocal scoir, beidh sé an-shuimiúil féachaint ar thorthaí an fhothoghcháin seo. Má tá an bua ag Thomas Byrne, taispeánfaidh sé do mhuintir na tíre go bhfuil Fianna Fáil fós beo faoin tuath agus gur féidir leo a bheith dóchasach don toghchán rialtais áitiúil an bhliain seo chugainn. Nó is mar sin atá taca an toghachán ag baint as.

Gluais:
Iarrthóir: candidate
I gcoitinne: in general
Athbheochán: rebirth
Déistineach: disgusting, despicable
Fothoghchán: by-election
Dáilcheantar: constituency
Sean-náth: cliché
Tobar: well (which you get water from)
Paróiste: Parish
Cath- war/ battle
Taithí: experience
Taca a bhaint as: lean against, leaning towards

Advertisements