Cén dearcadh atá againn ar teifigh?

 
 

Photo: Nikolay Doychinova

Chonaiceamar uilig an pictúir uafásach an t-seactain seo de chorp buachail beag Síreach a bádh amach ó chosta an Tuirc. Aylan Kurdi arbh ainm dó. Thug a theaghlach aghaidh ar an nGréig chun ealú ón bhforéigean i Siria; turas farraige dainséarach. Ach faraor, chríochnaigh an turas sin le bás an pháiste, a dheartháir agus a mháithair.

Siombail nua is ea é an buachail neamhchiontach sin, iomhá scannalach a tharraing aird ar ghéarchéim na dteifeach sa Meánoirthear. Dúirt an rialtas Gearmánach go nglacfaidh siad le 800,000 teifigh agus dualgais ar thíortha eile iarracht a dhéanamh. Dúirt Enda Kenny an tseactain seo caite go mbeidh Eirinn ábálta níos mó teifigh a ghlacadh – thart ar 1,800.

Ach tá an líon atá ag teastáil i bhfad níos mó fós. Dár leis an Aire Gnóthaí Baile Ostarach, Johanna Mikl-Leitner, caithfidh an tAontas Eorpach ar fad plean fúinteach a chur i bhfeidhm láithreach bonn. Tá na tíortha sa Meánoirthear thart ar Siria, mar shampla, faoi ualach uafásach ag líon mór teifeach, agus níl na hacmhainní acu le déileáil leis. Mar thoradh, tá Éireannaigh ag tairiscint seomraí ina dtithe, usáid tithe saoire, eadaí, bia agus airgead.

Is mar gheall ar mí-eagar pholáitiúil agus eacnamaíochta atá ar na teaghlaigh seo éalú. Tá na céadta i mbaol gach lá, ag súil le saol níos fearr a bhaint amach san Aontas Eorpach. Tá a bhformhór acu ag ealú ón ngrúpa ISIS, dream atá freagrach as dúnmharuithe agus ionsaithe lá i ndiadh lae. Tá an géarchéim dhaonna agus an t-imirce chomh dona anois agus a bhí ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda.

Cén fáth, mar sin, a bhfuil a léithidí UKIP i gcoinne an imirce seo? Dúirt Nigel Farage, ceannaire UKIP, nach bhfuil ins 95% de na daoine seo ach “imircigh eacnamaíoch” – is daoine “santach” iad – agus tá siad sa tóir ar shaol an mhada bháin san Eoraip!

Is ráiméas é seo; de réir le ‘Amnesty International’ tá leath de dhaonra na Siria díláithrithe – sin cheithre mhilliún duine, paistí agus sean-daoine gan dídéan. Níl aon rogha eile ach imirce ag na daoine seo. Anuas ar sin, phóstáil iar-bhall d’UKIP ar Twitter go bhfuair Aylan Kurdi bás mar gheall ar saint a thuismitheoirí!

Tá daoine ar buile faoin ionsaí gránna seo, go hairithe tar éis an scannal i gCalais na Fraince. Caithfidh daoine na hÉireann gniomhú ar son muintir Siria. Ar theorainn na hEorapa faoi láthair, tá na híomhanna ar nós an Gorta Mór. Ba ré dorcha inár stair é an imirce éigeantach, ach is feidir linn cuidiú le cursaí mar atá sa Meánoirthear faoi lathair.

Dúirt an t-Uachtarán Micheal D. Higgins go gcreideann sé go bhfuil Éireannaigh ag iarraidh a gcion féin a dhéanamh le dul i dtreo réiteach a fháil. Ba cheart d’Eirinn a bheith ina thearmann; oileán suaimhneach do dhaoine nach bhfuil aon áit eile acu le cur futhu.

 

Síreach = Syrian

Cinniúnach: fateful

Neamhchiontach: innocent

ghéarchéim na dteifeach: refugee crisis

teifigh: refugees

tearmann: refuge/haven

Dara Cogadh Domhanda: WW2

Díláithrithe: displaced

Advertisements