Ceist na bpointí: ar cheart tosaíocht a thabhairt don Mhata?

 
 

Maíonn Charlotte Ní Éatún gur chóir Gaeilge a fháil níos mó pointí san Ardteistiméireachta

Nuair a tháinig torthaí na hArdteistiméireachta 2012 amach an mhí seo caite, bhí súile na tíre dírithe ar cén chaoi a n-éireoidh leis an gcúrsa nua mata, ‘Project Maths’, i gcomparáid le blianta eile. Bhí an cheist chéanna ar bharr na teanga ag gach duine; an chóir pointí sa bhreis a thabhairt d’ábhar amháin os cionn ábhair eile?

Tháinig athrú ollmhór ar an méid daoine a rinne Mata ag ardleibhéal an bhliain seo. Ach níl cúis an mhéadaithe soiléir go fóill. An raibh an cúrsa nua níos éasca nó an raibh na daltaí i gceist chun na cúig phointe is fiche a bhreis a fháil, pointí a bhronntar orthu siúd a dhéanann mata don ardleibhéal.

Tá an chosúlacht ann gur éirigh go hiontach leo, bhain siad leibhéal thar na bearta amach i mbliana nuair a rinne os cionn 11,000 dalta an scrúdú Mata ag ardleibhéal. Is ardú de 35 faoin gcéad é seo ó 2011. Ach is cosúil gurb iad na pointí sa bhreis an t-aon chúis go ndearna na daltaí an t-ábhar, agus nach mbaineann sé le fusacht an chúrsa in aon chor.

Bíonn buntáiste ag daltaí a dhéanann Mata agus Eolaíocht don tríú leibhéal, ach an é seo an tslí le cinntiú go n-éiríonn daoine leis na cúrsaí seo? Dúirt Tony Donohoe, ceann pholasaí oideachais leis an Irish Independent nach réiteach iad na pointí breise le caighdeán an ábhair a fheabhsú.

Dá mba rud é go raibh muinín ag an Roinn Oideachais i Project Maths, ní bheadh gá le 25 pointe sa bhreis a thabhairt do dhaltaí de bharr gur shuígh siad síos os comhair an pháipéir. Nach dtugann na pointí seo a bhronntar don Mhata an lámh in uachtar don ábhar sin ar ábhair eile san Ardteist? Agus mar sin, nach gcuirtear níos mó tábhachta ar na daltaí atá in ann mata a thuiscint, rud atá de mhíbhuntáiste ag na daltaí sin nach féidir í a thuiscint chomh héasca?

Ábhar eile a chruthaíonn fadhbanna le daltaí ná an Ghaeilge. Deirtear gur cúrsa leadránach agus sean-nósach é; ní dhéanann mórán dalta é ag ardleibhéal. An chóir pointí sa bhreis a thabhairt dóibh siúd a dhéanann an cúrsa ardleibhéal, áfach?

Tháinig athruithe móra ar an gcúrsa Gaeilge i mbliana. D’athraigh siad an scrúdú chun marcanna i bpíosaí faoi leith den chúrsa a ardú. Inniu baineann 50 faoin gcéad leis an bpáipéar scríofa, 40 faoin gcéad leis an scrúdú béil agus an deich faoin gcéad eile leis an scrúdú éisteachta.

Mar gheall ar an athrú seo tháinig méadú ar na daltaí a bhfuair pas san ábhar agus tháinig ardú d’aon déag faoin gcéad ar an méid daoine a rinne an Ghaeilge ag ardleibhéal. Ach ní bhfuair duine de na daltaí seo aon phointe sa bhreis.

Tá an Roinn Oideachais fós ag tabhairt tosaíochta d’ábhar amháin os cionn na hábhair eile. Dá mba rud é gur chuir siad gach ábhar riachtanach ar chomhchéim agus pointí breise a bhronnadh don Ghaeilge, don Bhéarla agus don Mhata, ní cheapfá go bhfuil Mata níos tábhachtaí ná na hábhair eile.

I gcomhthéacs eacnamaíochta na tíre, is léir gurb iad Mata, Eolaíocht agus Teicneolaíocht na cúrsaí is fearr do dhaltaí faoi láthair. Ach chomh maith leis sin nach bhfuil beocht ár dteanga dúchais tábhachtach?

Is cosúil gur éacht iontach don tír é Project Maths a chabhróidh lenár ndaltaí go mór, ach tá scamaill tagtha ar an rath seo mar gheall ar na pointí breise. I dtaobh na Gaeilge, is cosúil go bhfuil ag éirí go maith leis an scéim marcála nua, ach feicimid sa todhchaí an bhfuil níos mó athraithe le teacht air.

GLUAIS:
Tosaíocht – priority
Os cionn – over
Caighdeán an ábhair – the standard of the subject
Fadhbanna – Problems
Sean-nósach – old-fashioned
A bhronnadh – to award
Scéim marcála – marking scheme

Advertisements