Céad stát eile na hEorpa?

 
 

Le reifreann neamhspleáchas na hAlban ag teacht aníos i 2014, labhraíonn Conor de Paor ar rudaí mar atá faoi láthair béaldorais

Sa bhliain 1707, rinne Albain iarracht chun Darién i bPanama a choilíniú, agus tar éis aon cheathrú d’airgead na tíre a chailleadh, theip go glan orthu. Ansin, ní raibh dara rogha ag na hAlbanaigh ach le dul isteach sa Ríocht Aontaithe.

An bhliain seo chugainn, beidh reifreann ar siúl acu chun todhchaí na tíre a chinneadh. Is é 2014 an 700ú comóradh den chath stairiúil, Bannockburn, suíomh ar chlaí na hAlbanaigh fórsaí Edward II. Is gné bhróid é seo i stair na hAlban agus is léir go bhfuil nasc idir an stair seo agus an reifreann atá ag teacht chun cinn.

Bhain Alex Salmond agus an SNP (Páirtí Náisiúnachas na hAlban) ollbhua amach i mBealtaine 2011 i  Holyrood (áit a bhfuil parlaimint na hAlban)  agus d’éiligh Salmond do reifreann neamhspleáchais na hAlban ar an bpointe. Tháinig an fhís a bhí aige le chéile  nuair a shínigh Salmond agus David Cameron an comhaontú Dhún Éideann i mí Deireadh Fómhair 2012. Tá an SNP ag iarraidh go mbeadh Sasana agus Albain ar chomhchéim lena céile agus creideann siad go mbeidís in ann iarracht níos fearr a dhéanamh ar son eacnamaíocht na hAlban ná mar a dhéanann Westminster.

Tá cúiseanna eile leis an neamhspleáchas chomh maith. Dar leis an teorainn atá leagtha amach ag an Ríocht Aontaithe, dá mbeadh Albain neamhspleách, bheadh siad i gceannas ar 90% de na páirceanna ola agus gáis sa Mhuir Thuaidh. Deirtear chomh maith go bhfuil Albain i dteideal le 81% den ola agus gáis a tháirgeadh i 2010 agus bheadh luach idir £6bn agus £12bn air seo. Aidhm eile atá ag Salmond ná bunáiteanna na hairm Bhriotanaigh a bhaint den Albain. Tá buamaí núicléacha ar fáil i roinnt de na bunáiteanna seo, ar nós Bunáit Formhuireán Clyde.

Ar an lámh eile, áfach, tá tromlach in Albain agus Westminster i gcoinne go huile is go hiomlán le neamhspleáchas  sa tír. Ar dtús, bhí Holyrood ag iarraidh rogha idir ‘Status Quo’, ‘Devo Max’ agus neamhspleáchas iomlán a thabhairt do dhaoine sa reifreann, ach níor thug Westminster cead dóibh mar gheall go mbeadh roinnt daoine ar son  ‘Devo Max’ mar thoradh. Bainfeadh sé seo an bonn den aontas inmheánach san R.A agus bheadh gá le hathleasú ar Westminster. Mar sin, ní bheidh na hAlbanaigh ach in ann ‘Tá nó ‘Níl’ a rá le neamhspleáchas sa reifreann.

Is gá aghaidh a thabhairt ar an Lucht Oibre sa Ríocht Aontaithe chomh maith. Dá mbeadh Albain ina tír féin, taobh amuigh den R.A., ní bheadh a dhóthain feisirí acu i Westminster chun rialtas a bhunú iad féin a thuilleadh. Bheadh laghdú ollmhór ar chumhacht an Lucht Oibre dá roghnófaí ‘Tá’ sa reifreann sa bhliain seo chugainn.

Tá tuairimí ilchineálacha ann idir na hAlbanaigh ceart go leor. Ceapann roinnt dóibh nach féidir leis an tír a bheith ina haonar mar níl tada acu seachas caora, fuisce agus uisce. Is tuairim coitianta é seo agus ceaptar go n-imeodh an tír isteach sna leabhair staire dá leanfaí  fís an neamhspleachais. Creidtear go bhfuil an tír i bhfad níos slána agus í ina ball den Ríocht Aontaithe. Ar an lámh eile, áfach, cé nach bhfuil an tromlach ag lorg neamhspleáchais, tá níos mó cumhachtaí airgeadais agus eacnamaíochta uathu.

Agus muid ag labhairt faoi thuairim na ndaoine san Albain i dtaca leis an reifreann, is fiú go mór féachaint ar thuairim Seán Connery. Dúirt sé féin, ‘It is rooted in inclusiveness, equality and that core democratic value that the people of Scotland are the best guardians of their own future’. B’fhéidir go bhfuil an ceart aige ach ní aontaíonn mórán leis.

Den chuid is mó, ní féidir brath ar na suirbhéanna vótála i dtaca leis an reifreann seo san Albain mar athraíonn an tuairim go mór ag brath ar an tslí ina gcuirtear an cheist. Is í an cheist a bhí Salmond ag iarraidh a úsáid sa reifreann ná ‘Meas tú ba cheart go mbeadh Albain ina tír neamhspleách?’ Cuireadh an cheist seo i mí Eanáir na bliana seo , ag an eagraíocht Ipsos-MORI, ar vótálaí agus dúirt 37% ‘Tá’ agus 50% ‘Níl’.

Thart ar an am céanna chuir Lord Ashcroft suirbhé le chéile a chuir an cheist,  ‘Ba cheart go mbeadh Albain ina tír neamhspleách nó ba cheart di fanacht mar bhall leis an Ríocht Aontaithe?’. Thit ‘Tá’ anuas go 33% agus d’ardaigh ‘Níl’ go 67%. Is cosúil go bhfuil thart ar dhá thrian den tír i gcoinne neamhspleáchais iomlán, is dóigh.

Dá n-éireodh le Holyrood neamhspleáchas a chur i gcrích ní bheadh sé éasca ar an tír ar chor ar bith le tosú amach. Fiú ag féachaint siar roinnt blianta ó shin, nuair a thug an Ríocht Aontaithe tarrtháil de £45 billiúin don Royal Bank of Scotland agus £20 billiúin do Lloyd’s , caithfear an cheist a chur, an mbeadh an Albain in ann déileáil leis an bhfadhb chéanna gan cabhair na Ríochta Aontaithe? Bheadh sé fíordheacar í a réiteach ina haonar agus níos mó airgead a chaitheamh.

I dtaca leis an ola agus gás sa Mhuir Thuaidh, cé go gceapann an Albain go bhfuil sí i dteideal le 81%, níl sé chomh héasca leis sin mar níor aontaigh an Ríocht Aontaithe leis an bhfigiúr seo go fóill agus is cinnte go bhfuil siad ag iarraidh an ola agus an gás sin ar fad a choinneáil dóibh féin.

 

GLUAIS:

Bunáiteanna – Bases

Tromlach – Majority

Inmheánach – Domestic

Fuisce – Whiskey

Tarrtháil – Bailout

Advertisements