Cé a mBeidh an Bua Acu sna Stáit Aontaithe?

 
 

 Leis an toghchán Meiriceánach ag an stáid deireanach, labhraíonn Cian Ó Tuathaláin faoi seansanna Obama don chéad téarma eile

Tá Uachtarán Barrack Obama ag rith don dhara uair chun téarma eile a fháil mar cheannaire na Stáit Aontaithe. Mar sheallach Éireannach, b’fhéidir mothaíonn tú go mbeidh sé éasca go leor d’Obama chun an bua a fháil in aghaidh a chomórtas, mar gheall ar a réimse sna meáin, agus an íomhá atá ann go bhfuil dia beag déanta as. Ná déan dearmad, áfach, go bhfuil muidne ar an taobh eile den Atlantach, agus ní fheiceann muid an comórtas láidir atá ann, ag bagairt feachtas an Uachtaráin reatha. Tá Mitt Romney agus an Lucht Poblachtánach dulta go bhfuil Obama in ann é a dhéanamh uair amháin eile.

Dar le Tom Walkins as CNN, “Más rud é go raibh toghcháin buaite nó caillte as cáil sna meáin sóisialta, ní bheadh faitíos ar bith ar Obama roimh an Samhain seo.” Ar Facebook amháin, tá Obama tar éis 28.2 milliún ‘likes’ a fháil, i gcomparáid leis an 7.1 milliún atá ag Romney. Má braithníonn tú ar Twitter, tá an 1.6 milliún leantóirí scatha leis an 20 milliún atá ag Obama. Tá an – tábhacht ag baint leis na meáin sóisialta sa lá atá inniú ann, agus an lucht feachtais ag iarraidh níos mó vótaí a fháil don iarrthóir. Is féidir leis an lucht feachtais spléachadh a fháil ar do phróifíl agus eolas a sheilbh fút. Mar shampla, má leanann tú is a lán daoine eile ar Ocean’s 11, tá seans ann go mbeidh teachtaireacht ar Facebook ó George Clooney (leantóra Obama) ag ardú meanman d’fheachtas Obama. Cur chuige íontacha atá ann chun vótaí fanaíochta a chomhthathú.

Ar an teilifís, ní rún é go bhfuil Oprah Winfrey i gcumann leis an bhfeachtas Daonlathach. Thóg sí meanman d’Obama agus é ag rith i 2008, agus anois go bhfuil líonra iomlán aici, OWN – an Oprah Winfrey Network, ní dhéanfaidh sé sin ach níos mó meanman a hardú d’Obama sa bhfeachtas reatha. Ag díriú ar 2012, gheall 144 aisteoirí atá go mór i mbéal an phobail don bhfeachtas Daonlathach. Ina meac, tá Meryl Streep, Johnny Depp, Cameron Diaz, Whoopie Goldberg agus Will Ferrell. Is léir go bhfuil leantóraí ag Obama as gach réimse sa saol.

Ach céard faoin gcomórtas? Bíonn an polataíocht i Meiriceá faoi fhealsúnacht seachas stair, mar a bhíonn san Eoraip, agus geallann Romney go gcúlóidh sé na beartais sláinte mícháiliúil a rinne Obama go dtí seo. I suirbhé ABC/Washington Post ó Lúnasa, nochtadh go raibh 45% de na rannpháirtithe muiníneach le Romney chun déileál le Medicare, seachas 42% muinúneach leis an tUachtarán reatha.

Tá eacnamaíochta na Stáit Aontaithe ag an bpointe is lú ariamh ó 1933, agus cuireann an lucht saibhre an milleán ar Obama gan na fadhbanna eacnamaíochta a réitiú. Geallann Romney, an coimeádach, chun na beartais inimirce i Meiriceá a athrú, cinneadh a cosnaíonn an lucht saibhre ag costas an lucht oibre. Taitníonn Romney leis na coimeádaigh mar gheall ar a thuairimí deasaigh ar ghinmhilleadh agus pósadh aerach. An príomhaird atá aige, áfach, ná labhairt faoi theipeanna Obama chun an eacnamaíocht in olcas a chúlaigh. Labhair a bhean chéile, Ann Romney, ag an Chonartha Phoblachtánach i mí Lúnasa faoi; “Ní theipeoidh an fear seo, ní ligfidh an fear seo síos muid, ardóigh Meiriceá é, an fear seo.”

Ní raibh cluais bhodhar tugtha don cháil titithe seo i measc na Daonlathaigh ach an oiread. Féach ar chomhiarrthóir Obama i 2008, Hillary Clinton. In Eanáir 2012, chuir sí in iúl go raibh suim aici seasamh don ainmniúchán Daonlathaigh. Dúirt sí le Weekly World News, “Ní cheapaim gur cheannaire é Obama agus tá a fhios agam go bhfuil mé in ann post i bhfad níos fearr a dhéanamh. Is fíorcheannaire mé agus tá mé chun Obama a dhúshlánú don ainmniúchán Daonlathaigh i mbliana.” Nochtadh suirbhé i measc bunvótálaí go mbeadh 52% i dtaca le Clinton, 45% i dtaca le hObama agus 3% idir dhá chomhairle. Mhaígh sí ansin níos déanaí go raibh sí tuirseach tar éis a cuid ama mar Rúnaí Stáit, agus chuir Obama a stádas mar iarrthóir ainmnithe i gcríth in Aibreán.

Anneoin ar a léiriú sna meáin cumarsáide, is neamhchinnte é slándáil Obama mar Uachtarán na Stáit Aontaithe Meiriceá don chéad téarma eile. Sna pobalbhreitheanna is déanaí, d’fhill Obama le 255 vótaí toghchánach, fuair Romney 149, bhí 118 idir dhá chomhairle agus ní raibh sonraí eolais faighte ag 16 vótaí toghchánach. Ní mór ná 270 vótaí chun buaigh. An féidir leis?

Gluais

Sheallach – onlooker
dia beag – idol
scatha – shadowed
spléachadh – peek
ag ardú meanman – boosting
fanaíochta – wandering
chomhthathú – consolidate
beartais – policies
coimeádach – conservative
toghchán- election
ginmhilleadh- abortion

Advertisements