Cath na Saoránachta

 
 

Conas mar a oibríonn an córas saoránachta sa tír seo, agus cé gur ceart dóibh í a fáil? Téann Orla Keaveney ag tochailt


Tar éis na tuairisceoireachta a chualamar go síoraí sna meáin chumarsáide, tá fhios againn go léir conas mar a chaith pobal na Ríochta Aontaithe a vóta sa reifreann “Brexit”. Chomh luath agus a foilsíodh torthaí conspóideacha an reifrinn, casadh an córas polaitiúil bun os cionn, thit luach an phuint steirling go tobann, agus cuireadh eagla agus éadóchas ar na mílte daoine a thacaigh leis an taobh “Níl”.  San atmaisféar teannasach agus scanrúil seo, fuair Ambasáid na hÉireann i Londain iarratais don saoránacht Éireannach, agus tar éis tamaill gearr, ní raibh go leor foirmeacha fágtha acu. Idir Iúil agus Méan Fhómhair 2016, seoladh breis is fiche míle iarratais do phas Éireannacha chuig an Oifig Gnóthaí Eachtracha – ach cé chomh tábhachtach is atá saoránacht na tíre bheag seo?

An bhliain seo chaite, cheiliúramar cothrom céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916, imeacht a chur tús le Cogadh na Saoirse. Nuair a bhunaíodh Saorstát na hÉireann sa bhliain 1923 chun críoch a chur leis an gcoimhlint, ba mhian le muintir na dá oileáin taistil saor a choimeád eatarthu, go háirithe ag an limistéar idir an Tuaisceart agus na contaetha eile.

Mar thoradh, tosaíodh an “Comh limistéar Taistil”, polasaí a mhaireann fós inniu – tá cearta taistil, cónaí agus oibriú ag gach saoránach Éireannach, gan pas nó víosa ar bith, i stát ar bith sa Ríocht Aontaithe, agus a mhalairt. Tugann na himeachtaí sin stádas do hÉireannaigh nach bhfuil ag tír eile ar bith san Eoraip – fiú nuair a imíonn an Ríocht Aontaithe ón Aontas Eorpach, beimid in ann ár nasc a choimeád leis an dá eagraíochtaí.

I bhfocail eile, ní athrófar an stádas taistil atá ag Éirinnigh ar chor ar bith, agus mar sin, is rud thar a bheith luachmhar í, saoránacht Éireannach. Cé atá in ann leas a bhaint as na buntáistí saoránachta? Go ginearálta, is féidir le Briotanach a bheith incháilithe an stádas fháil ar dhá bealaí: ar dtús, tugtar saoránacht d’éinne a chaitheann breis is cúig bhliana ina chónaí sa tír seo. Chomh maith leis sin, glactar le iarratas an dhuine má tá tuismitheorí, nó fiú sean-thuismitheorí aige a rugadh in aon den dhá contaetha is tríocha.

“Is rud thar a bheith luachmhar í, saoránacht Éireannach.”

Inniu, ceaptar go bhfuil thart ar sé milliún daoine sa Bhreatain a bheadh ábalta áit breithe a sinsir a úsáid chun saoránacht a fháil – uimhir atá níos mó ná daonra na hÉireann. Go réalaíoch, ní bheidh an méid sin Briotanaigh ag lorg saoránacht na hÉireann. Cosnaíonn próiseas na hiarratais €1125, agus is beagán duine a bheadh sásta an t-airgead sin a chaitheamh don craic. Ach do daoine óga  atá ag iarraidh saol a bhunú dóibh féin nó taithí oibre a fháil i mór-roinn na hEorpa, ní praghas rómhór é.

Spreagann an éileamh ar saoránacht Éireannach imní i gcroíthe an phobal sa tír seo, toisc nach bhfuil éinne in ann tuar a thabhairt ar na hiarmhairtí, gan amhras. Mar shampla, ní thuigtear an leibhéil tionchair a bheidh ag muintir na Breataine ar cúrsaí polaitiúil in Éirinn. Caithfear a admháil go bhfuil ceart vótála ag gach saoránach, ach ní féidir le duine a mballóid a chaitheamh mura bhfuil siad ina gcónaí in Éirinn. Mar sin, ní bheidh na Briotanaigh a úsáideann a stádas chun obair a fháil san Aontas Eorpach in ann an córas anseo a athrú. Ar an dtaobh eile, is toradh féideartha é go gcuireadh na saoránaigh nua isteach ar tionscal na turasóireachta in Éirinn.

Ar taobh amháin, d’fhéadfá a rá go spreagfaidh sé suim don chultúr Éireannach i measc na n-iarrthóirí, agus go dtiocfaidh siad anseo ag lorg eolais faoina “n-oidhreacht Éireannach”. Ach ar an lámh eile, tugfar cearta taistil do Briotanaigh le sinsir Éireannach, an grúpa is claonta teacht ar saoire anseo – agus mar sin, is amhlaidh go gcaillimid turaseoirí go tíortha sa mór-roinn.

An ceart linn a bheith drogallach nó neirbhíseach fad is atá Briotanaigh ag baint úsáid as ár dtír mar lúb ar lár  chun a aidhmeanna féin a fhíorú? Ní léiríonn an dearcadh sin mórán measa ar Éire mar tír neamhspleách atá ar comh chéim leis an mBreatain. Is deacair a rá conas a cuirfidh na hiarratais isteach ar stádas na “fíor-Éireannach” sna hoileáin Briotanacha nó i mór-roinn na hEorpa – b’fhéidir go bhfeicfear muid mar Bhreatain bhreise ina meoin.

Ach ag deireadh an lae, fiú nuair atá cúis imní ag baint le tabhairt na saoránachta do Bhriotanaigh, ní féidir linne a bheith leithleiseach. I rith ár staire, sheolamar imircigh timpeall an domhain ag lorg oibre, go háirithe chuig an Bhreatain Mhór. Ba ghníomh fimíneach é cearta taistil a thabhairt do daoine soineanta, a roinneann na haisling ceánna lenár sinsir. Is amhlaidh go mbeidh ar Éireann nó ar an rialtas na droch-thorthaí thuasluaite a sheachaint – ach ar an iomlán, tá sé de dhualgais orainn cineáltas a thaispeáint dár gcomharsana trasna na farraige, nuair a theipeann ar a bpolaiteoirí féin deiseanna a thabhairt do.


Gluais: saoránacht- citizenship reifreann-referendum cothrom céad bliain- cetenary incháilithe-eligible lúb ar lár-loophole leithleasach-selfish

Advertisements