Buntáistí na hAinmhithe: Ón Chliabhán go dtí an Uaigh

 
 

Le pearsantachtaí mar Dr Phil go mór i dtacaí ar pheataí, cuimhníonn Cian Ó Tuathaláin ar na héifeachtaí a bhaineann le peataí as a thaithí féin.

Bhí a lán daoine ag ceapadh go mbeadh deireadh an domhain ar an 21ú Nollaig, agus bhí mórán eile ag ceapadh nach raibh tada ann ach seafóid. Cheap mise go raibh an rud ar fad aisteach, mar, ar ndóigh, bhí daoine áirithe chun deireadh an domhain a fheiceáil ar an lá sin ar aon nós. Faigheann daoine bás chuile lá agus, ar an drochuair, bhí fírinne sa ráfla do na daoine a gheofar bás ar an 21ú lá. Ní raibh tuairim dá laghad agam go mbeadh an teoiric sin fíor do mo chomrádaí beag i bhfionnadh féin, agus in ainneoin na féile a bhí ag teacht aníos, bhí orm slán a rá le mo chara fadré, Fluff an cat.

Bhí Fluff beagnach 12 nuair a chuireamar síos é. Saighdiúir ab ea é, agus dá mbeadh 9 saolta ag aon chat amháin, bhí siad aige. Ní raibh ach súil amháin ag an gcréatúr ó bhí sé ina phuisín, agus nuair a bhí mise i mo pháiste féin, bhí Fluff mar chara, mar laoch, agus mar mhúinteoir dom.

Rinneadh an-chuid staidéir a léiríonn go bhfuil peataí iontach tairbheach do pháistí, agus ní amháin cait agus madaí ach coiníní, iasc órga, nó turtair. Tá meon an pháiste ar nós spúinse, a n-ionsúnn gach uile unsa a tharlaíonn timpeall orthu, agus is féidir le cara fionnaidh eicínt rudaí áirithe a mhúineadh do leanaí nach bhfuil éinne ar bith eile in ann. Spreagfaidh peataí freagracht. Beidh a fhios ag páiste ag cúig bliana d’aois go bhfuil an cat le cothú chuile lá, agus beidh a fhios ag an déagóir óg go mbíonn siúlóid ag teastáil ón mada chun sult a bhaint as buntáistí na haclaíochta. Spreagann an grá agus an fhreagracht atá ag an bpáiste don pheata mórán atrua, agus ní amháin do pheataí ach do pháistí eile agus daoine fásta chomh maith.

Taispeánann peataí grá neamhchoinníollach dá máistir, agus tá a fhios ag m’inpháiste go maith cé chomh tábhachtach is atá sé seo. Braithfidh páistí a thuilleadh slándála go meabhrach, mar is ‘bodyguard’ mothucánach é do pheata i gcónaí; “they’ve got your back” mar a deirtear sa Bhéarla. Do pháistí hipirghníomhach, nó páistí atá ag fulaingt le fadhbanna imní, is leigheas den scoth é an peata. Ceadaíonn imirt leanúnach spás agus slí do shuaimhneas agus do chiúnas.

Cinnte, seachas le bheith sásta, tosaíocht an pháiste ná oideachas. Cuidíonn peataí samhlaíocht agus fiosracht, agus tosaíonn an páiste le bláth sa seomra ranga – ag scríobh aistí cruthaitheach le comhráite spéisiúil nó ag tarraingt pictiúir ag ardleibhéal.

Ag 19 bliana d’aois, d’fhoghlaim mé céard ba bhrí le Fluff do mo thuistí is mo dheirfiúracha níos sine, fad is a bhí sé ag feabhsú m’óige. Mar fhear, feabhsaigh a chompánachas mo shaol go huile is go hiomlán agus cruthaíonn taighde na buanna a fhásann ó pheata a bheith ag an duine sna blianta mar dhuine fásta.

Tá seans níos fearr ag daoine an galar dubhach a sheachaint má tá cara ceathairchosach acu chun braith orthu. Beidh a gcuid sláinte i bhfad níos fearr, agus rachaidh siad go dtí an dochtúir 30% níos lú ná daoine eile. Ciallaíonn an caidreamh suaimhneasach idir mháistir agus pheata go mbeidh brú fola níos lú acu, buillí croí níos aclaí acu, agus ardóidh imirt le peata séireatoinin agus dopaimín, a socraíonn daoine. Thairis sin, bíonn an colaistéaról agus baol taoma croí níos ísle. Maireann othair théis taomanna croí níos faide má tá peataí acu, fad is atá an ghruaig sin i ngach áit glanta suas!

D’obair mo dhaideo le capaill a shaol ar fad, agus is dócha gurb é an seanduine is sásta a bhfaca mé ariamh. Ardaíonn ainmhithe meanman de bheogacht an seanduine, agus feabhsaíonn an croí agus an tsoghluaisteacht nuair a théann siad ar siúlóidí le peataí go minic. Faigheann baintreacha agus daoine singil an-shólás sna peataí, agus fiú nuair atá saol gnéis níos ciúine ag daoine pósta, ní mhothaíonn siad folúntas uaireanta nuair atá peata acu.

Leabhraíonn an síceolaí clúiteach agus pearsantacht teilifíse, An Dr Phil McGraw (Dr Phil) faoin ngrá atá aige agus a bhean chéile, Robin, do Mhaggie, a mada tarrthála a chodlaíonn in éineacht leo gach oíche. Luaigh Dr Phil ar chlár áirithe go bhfaigheann codladh le peataí an-chuid cáineadh, mar cuireann sé isteach leis an gcodladh agus leannáin a tharraingt as a chéile. Dúirt sé go mbraitheann sé ar an gcúpla, áfach, agus tá a ghrá do Robin níos láidre mar gheall ar an comhghrá atá eatarthu do Mhaggie.

Fuair Fluff bás agus é i mo chuid lámha; mise ag rá leis go raibh sé i mo chroí, ach bhí a fhios aige cheana féin. Théis millte comhrá leis ó bhí mé ocht mbliana d’aois, luaigh mé dó nach raibh mórán eolais aige ar chait eile, ach go raibh “decent go of it” aige. Fuaireamar na coinnle agus an t-uisce coisricthe agus bhí tórramh Gaelach ag Fluff, ní raibh tada eile tuillte aige. Tá a fhios agamsa go bhfuil jab ceart déanta aige anseo mar táim fós in ann mo sheanchomrádaí a fheiceáil i ngach áit, ag cosaint an áit agus ag tabhairt aire dúinn i gcónaí, fiú nuair atá sé imithe uainn. Bhí sé dlúthchara dom mar bhuachaill, mar dhéagóir agus mar fhear, agus táim fíorbhuíoch dó as sin. Má cheapann tú nach ‘duine ainmhí’ thú, tá mise ag rá leat nach raibh peata ariamh agat!

GLUAIS:

Teoiric…Theory

(I bh)fionnadh…Furry

Spúinse…Sponge

Inpháiste…Inner Child

Tosaíocht…Priority

Ceatharchosach…Four Legged

 

Advertisements