#BlackMonday: Feirmeoirí na hAfraice Theas i mbun agóide

 
 

Tá an Afraic Theas sáinnithe i lár géarchéime faoi láthair, agus is faoin Uachtarán nuathofa, Cyril Ramaphosa, a bheidh sé aghaidh a thabhairt ar an achrann fadtéarmach atá ag réabadh na tíre as a chéile. Le blianta beaga anuas, tá feirmeoirí na tíre á ndúnmharú ar bhonn rialta agus tá líon na ndúnmharuithe ardaithe le déanaí. Dúnmharaíodh 71 feirmeoir sa bhliain 2017, dar leis an ngrúpa Afriforum, atá ag seasamh ar son phobal geal na hAfraice Theas, a bhraitheann gurb iad siúd is mó atá ag fulaingt faoi láthair agus an foréigean ag leathnú amach. Afracánaigh gheala is ea an chuid is mó d’fheirmeoirí na tíre, a bhfuil daoine dúchasacha fostaithe mar oibrithe feirme acu, agus is minic gurb iad na hoibrithe seo a ionsaíonn úinéirí na talún. Dar leo siúd a chuir tús leis an bhfeachtas #BlackMonday i mí Dheireadh Fómhair 2017 nach bhfuil rialtas na hAfraice Theas ag tabhairt dóthain airde ar fhadhb na bhfeirmeoirí geala, agus chuaigh siad i mbun agóide ar phríomhshráideanna Johannesburg, iad gléasta in éadaí dubha ar son na cúise.

Dúnmharaíodh 71 feirmeoir sa bhliain 2017, dar leis an ngrúpa Afriforum, atá ag seasamh ar son phobal geal na hAfraice Theas, a bhraitheann gurb iad siúd is mó atá ag fulaingt faoi láthair agus an foréigean ag leathnú amach.

Anois agus sinn i dtosach na bliana úire, tá cúrsaí ag dul in olcas ar fad, agus an ciníochas a bhí faoi thalamh ó aimsir na cinedheighilte tagtha chun cinn arís. Is beag duine gorm a bhí páirteach san agóid mar shampla, a thit amach cúpla lá i ndiaidh ionsaithe a rinneadh ar fhear gorm in Middleburg. Beirt fheirmeoir geal a ciontaíodh agus tugadh téarma deich mbliana sa phriosún don bheirt acu. In ainneoin go bhfuil an Afraic Theas ag druidim i dtreo an chomhionnanais, mar dhea, is beag rian de atá le feiceáil i gcúrsaí talmhaíochta. Is leis an bpobal feirmeoireachta Afracánach 73% de thalamh feirmeoireachta na tíre i gcónaí, os rud é nár roinneadh úinéireacht na talún i measc an phobail dhúchasaigh riamh mar a rinneadh sa tSiombáib, mar shampla. Níl iontu sin ach 8.9% de dhaonra na hAfraice Theas, rud a fhágann go bhfuil an chuid is mó den daonra gorm teanntaithe isteach i slumaí agus i mbailecheantair bhochta sna cathracha. Ní luann Afriforum ach oiread gur daoine gorma iad 30% dóibh siúd a maraítear, ach tá siadsan suite de gur ionsaí sistéamach ón bpobal gorm ar an bpobal geal atá i gceist. Creideann Gareth Newham, ó Institiúid na Slándála in Pretoria, go bhfuil an t-achrann á úsáid ag na feirmeoirí geala mar uirlis pholaitiúil i gcoinne an rialtais, agus an téarma ‘Cinedhíothú Geal’ á lua leis go rialta, rud nach bhfuil ag teacht leis na fíricí dar le Newham.

An argóint atá ag feirmeoirí geala na tíre ná gurb iadsan amháin a bhfuil fios a ngnó acu i gcúrsaí talmhaíochta, os rud é gurb iad a muintir féin a bhíodh i bhfeighil na talún i gcónaí. Tá an baol ann go scriosfar an talamh go hiomlán má dhéantar í a roinnt i measc na ndúchasach os rud é nach bhfuil cleachtadh acu ar an bhfeirmeoireacht ar scála mór, mar a tharla sa tSiombáib. Pé scéal é, tá fréamhacha an aighnis sáite i dtréimhse na cinedheighilte agus tá sé ríthábhachtach nach mbeadh tionchar ag an gciníochas ar thuairimí an Uachtaráin as seo amach.

Advertisements