Ar thóir litríocht

 
 

Táimid i measc imram úr nua-aoiseach, ach níl pobal Baile Átha Cliath i measc an fhéile á chéiliúradh, cén fáth?


BLIAIN I ndiadh bliana tagann Léacht Uí Chadhain go Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, agus bliain i ndiadh bliana bíonn tóir ar. I mbliana, tharla an Léacht ar an 6ú Deireadh Fómhair agus labhair Joe Steve Ó Neachtáin le léachtlann sceitimíneach. Bhí fáilte mhór roimhe agus éagsúlacht sa lucht féachana idir foireann Scoil na Gaeilge, daltaí Gaeilge agus baill den phobail mhór. Ach cé go raibh slua mór ann, slua teoranta a bhí ann comh maith. Ní raibh mórán daltaí ann nár daltaí Gaeilge iad, cé go bhfuil pobal mórán daltaí i COBÁC nach ndéanann staidéar ar an nGaeilge ach go bhfuil an Ghaeilge ar a gcumas acu.

“Níl aon chinnteacht ann go mbeadh duine go bhfuil suim acu i litríocht na Gaeilge mar pháirt de phobal labhartha na Gaeilge, ní fiú féidir chinntiú go mbeadh duine a labhraíonn Gaeilge mar pháirt den mhór phobal labhartha”

 

Ag deireadh a léachta, chríochnaigh Ó Neachtain le ráiteas go mothaíonn sé “go bhfuil croí na tíre seo Gaelach go fóil”. Is oiriúnaí an chonclúid mar ba é an léacht an chéad imeacht den fhéile Imram i mbliana. Féile litríochta Gaeilge atá inti, a bhunaíodh i 2004 ag Liam Carson. Céiliúrtar litríocht na Gaeilge atá sean bhunaithe, atá nuachruthaithe agus an nasc idir an dhá ceann. I mbliana i measc na n-imeachtaí tá Réaltneach, tionscadal in ómós do amhráin David Bowie,  Comh maith le sin tá Cluiche na Corónach; léitheoireacht drámatúil ó aistriúchán leabhair George R.R. Martin, atá aistrithe go Gaeilge ag Oisín Ó Muirthile, fear óg nach bhfuil ach tar éis tosú ar a chéim. Déantar fógraíocht ar Léacht Uí Chadhain i bpasáistí  Scoil na Gaeilge agus ar cláracha fógraí timpeall foirgnimh na hEalaíona, seoltar ríomhphost chuig na mic léinn a ndéanann staidéar ar an nGaeilge ach sin an méid. nuair a nach bhfreastalaíonn daoine ar léachtaí i bhfoirgnimh Newman nó nach mbíonn siad ag glacadh cupán tae sa Seomra Chaidrimh i B202, níl an deis acu buaileadh leis an eolais.

Ní ar Scoil na Gaeilge atá an locht áfach, agus is deacair a rá go bhfuil locht ar duine nó eagraíocht ar bith. Tá tuairimíocht áirithe ann go bhfuil a fhios ag pobal labhartha na Gaeilge san ollscoil go bhfuil a leithéid ar siúil, toisc mar pháirt den phobal iad agus mar sin níl gá fógraíochta ann. Tuairimíocht achrannach é seo. Níl aon chinnteacht ann go mbeadh duine go bhfuil suim acu i litríocht na Gaeilge mar pháirt de phobal labhartha na Gaeilge, ní fiú féidir chinntiú go mbeadh duine a labhraíonn Gaeilge mar pháirt den mhór phobal labhartha. Cé nach bhfuil an Cumann Gaelach CÓBAC mar pháirt den fhéile agus go bhfuil a n-imeachtaí féin acu, b’fhéidir go mbeadh sé mar smaoineamh dóibh fógra beag do Léacht Uí Chadhain a chur lena ríomhphoist an bhliain seo chuig a mbaill, toisc gur bealach iontach iad an Cumann Gaelach mór phobal Gaeilge na hOllscoile a chur ar an eolais.

Tá an cuma ar an scéal go bhfuil easpa fógraíochta den fhéile timpeall na cathrach ar fad. Is iad Éigse Éireann, An Chomhairle Ealaíon agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus Cathair Baile Átha Cliath roinnt de na hurraí atá ag an bhféile ach nuair a déantar cuardach ar Imram ar na suíomh níl tásc ná tuairisc do ach amháin ar suíomh Éigse Éireann. Níl tagairt do ar suíomhanna “Visit Dublin” (atá mar chuid de Fáilte Ireland) nó “Dublin Town” ach an oiread. Is deacair teanga a chur chun cinn agus a spreagadh sa réimse litríochta nuair a nach bhfuil fhios ag daoine faoi. Agus é ag labhairt leis an Irish Times i mí Meán Fómhair, labhair Liam Carson, stiúirthreoir IMRAM faoi saibhreas na nua litríochta Gaeilge atá ann, agus í ar fáil ag féile IMRAM. Is cinnte go bhfuil an saibhreas ann, ach, is go moll a scaipfidh an litríocht má is rud é go bhfuil an lucht spéise teoranta dóibh siúd go bhfuil an eolas acu cheana féin. Má tá croí na tíre fós Gaelach, b’fhearr dúinn ár ndícheall a dhéanamh an croí a chosaint agus a neartú.

 

Gluais:

Imram– voyage of discovery tionscadal– project tuairmíocht achrannach– problematic thinking spreagadh– encourage an fhocal a scaipeadh– spread the word

 

Advertisements