Ar cheart dúinn Shakespeare a mhúineadh inár scoileanna, sa lá atá inniu ann?

 
 

Labhraíonn Síofra Ní Shluaghadháin, faoin taithí atá aici, staidéar a dhéanamh ar Shakespeare, agus a tuairimí faoina mhaitheas.


IS fíor é le rá gurbh cás conspóideach é ábhar curaclam sa tír seo go minic. Cé nach bhfuil an leibhéal cinsearachta i bhfeidhm anseo is atá sna Stáit Aontaithe (agus tá mé ag smaoineamh go háirithe ar cásanna ina gcuirtear cosc ar leabhair sa seomra ranga), tá ár bhfadhbanna féin againn. Gach bliain, thart ar mhí Meitheamh, agus na scrúdaithe ag dúnadh linn, tagann an ceist a bhfuil faoi lámh agamsa anseo aníos – Cén mhaitheas atá i Shakespeare sa bhliain 2016?

Ar dtús báire, caithfidh mé a bheith ionraic. Le linn trí bliana, rinne mé féin staidéar ar an litríocht Béarla, agus I rith an am, rinne mé staideár ar timpeall is deich drama de chuid an Bhaird, chomh maith le Macbeth agus Rome & Juliet ar an meánscoil. Ach,  cé go raibh mionstaidéar déanta agama r a saothar sa meánscoil, is fíor é le rá gur fhoghlaim mé meas dá chuid scríbhneoireacht ar an gcoláiste.

Tá deacaireachtaí ar leith ag baint le múineadh Shakespeare sa seomra ranga mar atá sé. Cuireann an córás scrúdaithe brú ar dhaltaí foghlaim de ghlan mheabhair, rud a dhéanann dochar d’aon cúrsa litríochta, i mo thuairimse. Is deacair amharc ar na mionsonraí den scríbhneoireacht (mar shampla, leis an bhfilíocht), nuair atá brú ama, agus easpa tuiscint i gceist. Go simplí, leis an gcóras mar atá sé faoi láthair, is deacair é aon suim nó sonas a spreagadh i ndaoine agus iad i mbun foghlaim.

“Níl ann ach na freagraí a fhoghlaim, gan anailís criticiúil ar bith. Gan an idirphlé seo, is deacair an mhaitheas a fheiceáil in saothar Shakespeare”

Is breá é seo uilig a rá, ach cén baint atá aige seo le Shakespeare go díreach? Tá fadhb mhór ag roinnt daoine leis an gcoincheap go mbeadh údar Sasanach mar príomhpháirt inár siollabas náisiúnta, agus mar gheall ar seo, go bhfágtar scríbhneoirí Éireannacha ar lár as an siollabas sin. Is cinnte go bhfuil easpa scríbhneoirí dúchasacha ar an gcuraclam Bhéarla, agus ó mo chuimhne féin, ní dhearna mé staidéar ach ar beirt nó triúr le linn sé bliana ar an meánscoil. Is trua é sin, agus táim fíor bhuíoch go raibh an suim ionam féin litríocht Éireannach a léamh as mo stuaim féin. Is cinnte go bhfuil gá le leathanú agus éagsúlú sa siollabas.

Cé a gcuirfinn ar an siollabas sin? Is deacair le rá, le rogha agus réimse leathan ar fail. Is cinnte go bhfuil staidéar ar fhilíocht Éireannach níos leithne de dhith inár scoileanna, go bhfuil mná agus fir i mbun sár obair a dhéanamh. Tá clú agus cáil ar ár drámadóirí ar fud an domhain, ach ní gcloisfear a dháth faoi a leithéidí de Frank McGuinness, Tom Murphy, Christina Reid, agus léir eile. Is féidir liom é seo uilig a rá gan tracht a dhéanamh ar na úrscéalta den scoth atá tagtha ón dtír seo le triocha bliana anuas, scríbhneoirí cosúil le John Banville, Emma Donohue, Eoin Colfer srl.

Ní múinteoir mé, agus ní féidir liom breithiúnas a dhéanamh maidir le cad atá oiriúnach do dhaltaí scoile (ach, fiú sin, an smaoiníonn éinne ar an bhforéigean agus ar na topaicí troma atá le feiceáil ar an siollabas mar atá sé? Táim ag amharc ortsa, Sylvia Plath.).

Ach, agus é sin ráite agam, an é an freagra ar seo nó gach sean rud, agus gach teacs eachtrach ar an tsiollabais a cur ina luí, agus curaclam úrnua a thabhairt isteach? Ní cheapaim é. I mo bharúil, tá tábhacht ag baint le Shakespeare, chun comthéacs a cur ar an litríocht Bhéarla a tháinig ina dhiadh. Is é an bún fhadhb nó nach gcuirtear aon bhéim ar an gcomthéacs seo, nó an gaol atá idir na leabhair, scannáin, drámaí agus dánta atá i mbun staideár ag daltaí. Níl ann ach na freagraí a fhoghlaim, gan anailís criticiúil ar bith. Gan an idirphlé seo, is deacair an mhaitheas a fheiceáil in saothar Shakespeare do dhaltaí sa lá atá inniu ann, toisc nach dtaispeántar dóibh conas a tharla na hathruithe ar litríocht ó shin, agus an tionchar atá ag ná scéalta agus na dánta a chum sé ar ár shaothar nua aimsire (She’s the Man, The Lion King, fiú ar an siollabas litríocht Ghaelach le dán de chuid Nuala Ní Dhomhnaill, Mo Ghrá-sa idir Lúibíní).

Ní tharlaíonn aon rud i bhfolús, agus is é sin an ceacht is tábhachtaí nach bhfuil ar fáil ar an mheánscoil sa lá atá inniu ann. Mar a sheasann sé, ceapaim féin go bhfuil seo mar comhartha d’fhadhb sa chóras ginearálta, ní le Shakespeare agus a shaothar.

Advertisements