An Modh Mícheart Ár Teanga Dúchais a Spreagadh

 
 

Labhraíonn Seán Cooke faoi na pointí breise atá á thabhairt do mic léinn a dhéanann an Ard Teist as Gaeilge.

“Nuair a nach bhfuair mé mo chéad rogha de bharr cúig phointe is fichead, an chéad smaoineamh a tháining chuig m’aigne ná ‘cén fáth nach ndéarna mé mo hArd Teistiméireachta as Gaeilge?’ Dá mo rud é go raibh an rogha agam arís, ba mhian liom go ndéarna mé na scrúdaithe as Gaeilge.” Is iad seo na smaointe a bhí ag Diarmuid Bolger nuair a chonaic sé na sochrúcháin coláiste a bhí faighte aige. Is macnamh é seo a bhíonn ag scata mór mic léinn a bhí díomá orthu fhád is a chláraigh said don dara rogha CAO i mí Lúnasa.

Chuireadar an córas nua seo in aithne do mhic léinn sna 1920aidí. Dúireadar go dtabharfadh siad breis pointí do aon mac léinn a dhéanadh an Ard Teistiméireachta as Gaeilge. Modh an teanga a chuir chun cinn a bhí sé. Ach, tá a lán daoine ann nach dtuigeann an tionscnaíocht seo, agus mar sin tá a lán mic léinn atá ag breathnú air na pointí leis na tuairmí mícheart fuathu.
Rinne Eoghan Mac Aogáin, David Millar agus Thomas Kellaghan as Coláiste Phádraig taighde a mhínigh an tslí ina oibríonn an córas. Deirtear nach ngnóthaigh mic léinn pointí sa bhreis cosúil leis an Tionscanamh Mata a tháining amach an bhliain seo cháite, ach go ngóthaigh siad faoin gcéad i ngach ábhar. Tá an briseadh síos é féin fíor mhionlach, ach tá go leor ann chun grád a aistriú.
Dar leis an taighde a rinne siad, deirtear “tá uasmhéid de 10% sa bhreis tugtha i Laidin, Gréigis, Staidéar Clasaiceach, Staidéar Eabhrach, Stair, Tíreolas, Fisic, Ceimic, Fisic agus Ceimic, Bitheolaíocht, Staidéar Gnó, Eacnamaíocht, Stair Eacnamaíochta, Staidéar Talamhaíocht, Eacnamaíocht Talamhaíocht, Eacnamaíocht Bhaile, Ceol, Stair agus Léirthuiscint Ealaíne, Oideachas Reiligiúnach agus Arabach.”
Ansin tá “5% sa bhreis tugtha sna hábhair Francais, Geramánais, Iodáilis, Spáinnis, Mata, Matamataic Fheidhmeadh, Cuntasaíocht, Innealtóireacht, Staidéar Foirgníocht, Rúisise agus Seapánach.”
Cé go bhfuil bónas éagsúla ann, tá fós go leor ann go rachadh grád suas leis na pointí sa bhreis seo. Ní hé go mbeadh daoine in ann an chéad rogha a fháil leis na pointí breise seo, ach fós féin, tugann sé buntáiste mór do na daoine atá an Ard Teisiméireachta á dhéanamh acu as Gaeilge.
An locht is mó atá ag baint leis an modh seo ná gur theip air sa fheidhm a bhí aige! Bhí sé curtha chun tosaigh chun an Ghaeilge a chuir chun cinn agus chun mic léinn a mhealladh chun an leibhéal Gaeilge atá acu a fheabhsú go leibhéal líofa agus go mbeadh grá acu ansin don teanga. Áfach, tá a lán focail agus phrásaí in ábhar Eolaíochta agus Matamaticiúl nach mbeadh ag labharthóirí líofa de gnáth fiú.
Sa fhichiú aois, bhí a lán focail Gaeilge nua cruthaithe do na focail Béarla nach raibh ann go fóil as Gaeilge, téarmaí Mata agus Eolaíocht irl. Tríd luaíocht a thabhairt do dhalta a bhaineann úsáid as na focail seo, níl aon marcanna sa bhreis á fáil don grá atá aige/aici don teanga, ach don méid pulcadh atá déanta acu.
Dar le Charlotte Ní Éatún, dalta a dhéarna an Ard Teist as Gaeilge “Nuair a chríochnaíonn daoine nach bhfuil líofa as Gaeilge na scrúdaithe, déanfadh siad dearmaid iomlán ar na téarmaí a bhí acu mar níl aon úsáid acu dóibh a thuile. Freisin, ní fhoghlamaíonn na daltaí seo conas an teanga a labhairt go líofa ach foghlamaíonn siad na téarmaí do na ábhair éagsúla amháin.”
Tá sé easca dearmad a dhéanamh ar fhocail atá againn i ndara teanga nuair a nach mbaintear úsáid astu ar feadh tamall. Is fíor é seo le chuile teanga, agus níl seo ag baint lenár gCóras Oideachas. Ach fós féin, dá mo rud é go ndéanann daltaí an Ard Teist as Gaeilge don teanga é féin nó do na pointí breise, ní féidir a rá nach bhfuil fadhbanna ag baint leis an gcóras atá again.
Cuirtear an cheist go minic faoin Ard Teist a chuir i dteangacha eile do na mic léinn a tháinig cugainn as tíortha eile. Déanann an chuid is mó de na mic léinn seo an Ard Teist as Béarla fiú nach bhfuil sé mar an gcéad teanga atá acu. An gcóir go mbeadh na pointí bónas ar fáil má tá an scrúdú á dhéanamh i dteanga eile ag mic léinn, ní amháin as Gaeilge?
“Nílim cinte an ndéanach mé mo hArd Teist as Seapánais dá mbeadh an rogha agam arís,” arsa Louie Hamilton, mac léinn as an tSeapáin a rinne an Ard Teist as Béarla. “Rinne mé staidéar i scoil Béarla. Bheadh sé deacar an scrúdú a dhéanamh as Seapáinis.”
Ach, fós ní aontaíonn sé leis na pointí breise dos na páipéaraí as Gaeilge, “Do na daoine a chuaigh chuig scoileanna Gaeilge, ní cóir go mbeadh na scrúdaithe as Gaeilge chomh deacar orthu is a mbeadh ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu. Más aon rud- ba cóir go gheobhach daltaí ón nGaeltach pointí sa bhreis chun na scrúdaithe a dhéanamh as Béarla!”
B’féidir gur chóir fáil réidh leis na pointí bónas seo agus go cóir bónas a chuir i láithir do na mic léinn a dhéanann Gaeilge mar ábhar Ard Leibhéal, cosúil leis an modh atá acu anois don cúrsa Mata. Cé go bhfuil ‘Project Maths’ mar chúis do a lán díospóireachtaí trasna na tíre iomlán.
Tá sé deacar fáil réidh leis na marcanna bónas go hiomlán anois, mar tá sé fós tamhachtadh ár teanga dúchas a spreagadh i tslí éigean, fiú muna bhfuil an modh ceart faighte again go fóil.

Gluais
Locht- fault
Luaíocht- reward
Pulcadh- cramming

Advertisements