An Ghaeilge agus an Cáinfhaisnéis; sracfhéachaint

 
 

Caitheann Niamh O Regan súil tapaidh ar an méid a tharla don Ghaeilge sa cáinfhaisnéis agus a tuairimí faoi.


THÁINIG ón gcáinfhaisnéis an fógra ná mbeadh aon ardú i gciste infheistíochta Údarás na Gaeltachta (anuaraidh gearradh mhilliúin euro de chiste an Údarás, in ainneoin ardú 12% ar buiséad don Roinn ) de réir Conradh na Gaeilge, tá laghdú 50% tagaithe ar buiséad Foras na Gaeltachta ó 2008. Deirtear de bharr seo nach mbeidh an Údarás in ann aon postanna nua a chruthú sna Gaeltachtaí i 2017 agus go mbeidh ar Foras na Gaeilge a dtionscnamh pobail a laghdú arís. Is é an chuid is mó a ghoilleann ar stocairí na Gaeilge ná an socrú gan glacadh leis an plean infheistíochta 3 bliana, a bhí cruthaithe ag thart ar ochtó grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Deirtear go mbeadh 1,175 post úr chruthaithe do ceantair Gaeltachta dá gcuirfeadh i bhfeidhm é. Argóint a deineadh in san moladh, ná gur caithfear deis a thabhairt dóibh siúd a labhraíonn an teanga, an teanga a úsáid trí réimse mór postanna.

“Is fiú cur i gcuimhne do Údarás na Gaeltachta nach iad na Gaeltachtaí an t-aon pobal ceantar Gaeilge atá ann. De réir dealraimh tá an Ghaeilge á labhairt go flúirseach lasmuigh de na ceantair Gaeltachta, ach ní feictear buntáistí na Gaeltachta a thabhairt dóibh siúd toisc nach bhfuil siad sna háiteanna cuí.”

Leagtar cuid den mhilleán ar struchtúr na Roinne; is é atá i bhfeighil ar gnóthaí na Gaeltachta ná an Aire Stát Seán Kyne. Deirtear nach bhfuil an cumhacht céanna taobh thiar den phost seo is atá faoi Aire Rialtas, agus mar sin nach bhfuil an ionadaíocht ceart á fáil ag an nGaeilge, gan an aire sinsearach ní féidir an dul i bhfeidhm ceart a dhéanamh.

Is ait an rud é go bhfuil fonn ar an rialtas dul chun cinn a dhéanamh as teanga agus í anois le bheith mar teanga feidhmeach San Eoraip, gan an infheistíocht a dhéanamh ann anois le cinntiú go mbeidh a ndóthain daoine sa tír seo le scileanna teanga cuí, chun an aistriúchán a dhéanamh, agus cé ab fhearr do, ná na cainteoirí dúchais. É sin ráite, is fiú cur i gcuimhne do Údarás na Gaeltachta nach iad na Gaeltachtaí an t-aon pobal ceantar Gaeilge atá ann. De réir dealraimh tá an Ghaeilge á labhairt go flúirseach lasmuigh de na ceantair Gaeltachta, ach ní feictear buntáistí na Gaeltachta a thabhairt dóibh siúd toisc nach bhfuil siad sna háiteanna cuí.

In ainneoin seo áfach, caifear cur i gcuimhne roinnt ábhar suntasach. Le roinnt daonáireamh agus torthaí coistí taighde aníos, tá an cosúlacht ann go bhfuil an líon Ghaeilge a labhraítear sna Gaeltachtaí ag laghdú ach tá ardú tagaithe ar líon na gcainteoirí laethúil lasmuigh den Ghaeltacht. An cheart go mbeadh ciste ar leith ann dóibh siúd? B’fhéidir go bhfuil dochair á dhéanamh don teanga trí í a choimeád agus a díriú ar ceantair tíreolaíochta ar leith seachas ar phobail éagsúil. Cuirtear an Ghaeilge chun cinn trí údarás an Roinn Oideachais agus an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus an Ghaeltacht. Tá an stát fós ag braith ar an oideachas agus ar na ceantair Gaeltachta chun an teanga a choimeád i mbéal an phobal ach muna gcuirtear i mbéal mór phobal na tíre í, ní déanfaidh sí a slí féin ann. Anseo tá an Ghaeilge i mbéal an phobal, lasmuigh de na Gaeltachtaí ach níl na tacaíochtaí céanna ann dóibh siúd. An dara rud ná go leagann díomá an Údarás béim ar fadhb níos leithne na infheistíochta. Faoi chúram an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta,  tá na ceantair uile tuaithe go bhfuil gá le infheistíocht iontu. Chun go cinntiú nach tréigeann gach éinne an tuath i bhfábhar na catharacha, caithfidh plean a bheith ann dóibh, an cuma gur Ghaeltachtaí iad nó nach bhfuil. I gcomhthéacs na príomh beartas don Roinn sa cáinfhaisnéis bhí an leathanú ar Scéimeanna Náisiúnta Forbairt Tuaithe, athnuachan bailte agus sráidbhailte, feabhas a chur le seirbhísí poist agus an córas banda leathan. Tá plean ann comh maith go mbeadh an Plean Gníomhachta do Cheantar Tuaithe ann faoi deireadh na bliana. Ní tugtar le fios go díreach an mbeidh na Gaeltachtaí mar pháirt den phlean seo ach ba ait a bheadh sé muna raibh. Má’s rud é go bhfuil infheistíocht áirithe ag dul chuig na Gaeltachtaí, ach ní mar páirt den bheart atá ann dóibh amháin, an féidir gearrán faoin “easpa” i ndáiríre?

Advertisements