An gCartlann Náisiúnta

 
 

Leis an gCartlann Náisiúnta ag obair go chrua chun taifead nua a fhoilsiú, breathann Cian Ó Tuathaláin ar an eolas atá ar fáil dúinn faoi láthair.

An bhliain ná 1901. Faoin am seo, tá Éire faoi smacht an chóróin Bhriotanach, ní raibh cogadh domhanda ariamh agus ní dhearna Harman & Wolff an Titanic go fóill. Tá daoine áirithe gafa in oíche amháin sa bhliain seo, 111 bliain ó shin. Níl a fhios ag na daoine seo an tionchar a bheidh acu ormsa, agus, b’fhéidir, ar roinnt daoine eile go dtí seo.

I gCo Ciarraí, ar oileán beag ar imeall an domhain, tá bean spreagúil ag insint scéalta dá clann agus ag caint ar an daonáireamh reatha; an sceitimíní atá uirthi agus ar mhuintir an oileán go léir. Tá sí tríocha bliana d’aois, agus tá triúir ghasúir aici lena fear céile, a phós í tar éis cleamhnas. Tá a fhios agamsa go bhfuil sí thar a bheith sásta ar an oileán seo, cé go bhfuil aithne aici uirthi féin mar blow in. An bhean atá i gceist ná Peig Sayers, máthair an scéalaíocht sa Nua-Ghaeilge.

De réir Daonáireamh na hÉireann, 1901, Margaret Guiheen an t-ainm atá uirthi, ach, mar gheall go raibh an daonáireamh eagraithe ag na húdaráis Briotanach, ní tugtar deis don chóras Gaelach a úsáid maidir le hainmneacha. Ní raibh aithne ag duine ar bith ar an mBlascaod Mhór ar Pheig mar Mhargaret Guiheen, mar choimeád mná a sloinnte roimh phósadh – nós amháin atá le feiceáil sna leabhair a scríobhfaidh an bhean seo sna blianta atá roimpi.

Nuair atáim ag breathnú ar an mbileog leis an eolas seo air, tá bród an domhain orm as an laoch seo, ach ní féidir liom a shéanadh go bhfuil brón áirithe orm ach an oiread. Níl a fhios ag Margaret Guiheen go bhfuil sí chun a bheith i measc na ndaoine is cáiliúil sa Ghaeilge, go mbeidh a leabhar beathaisnéise léite ag glúin iomlán agus, an pointe is bunúsaí, go mbeidh uirthi a baile a fhágáil agus bás a fháil ar an mórthír, mar déanfar an t-oileán folamh i gceann caoga bliana.

Beidh Peig in ann scéal na Gaeltachta a thaispeáint don domhan, rud a bheidh fear óg ar thaobh eile na tíre ag iarraidh di a dhéanamh.

Tá an fear seo ocht mbliana déag d’aois, agus tá sé ag déanamh staidéar ar mhatamaitic i gColáiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath, ina cónaí le tríocha mic léinn eile. Tá a fhios agamsa go bhfuil scoláireacht faighte aige chun staidéar a dhéanamh anseo.

Ceapaim féin go bhfuil sé suimiúil go leor, go bhfuil Edward ag iarraidh a bheith ina mhúinteoir, ach ní bheidh leagáid aige mar mhúinteoir go deo. I measc na poist a bheidh ag an reibiliúnach seo, beidh sé ina Theachta Dála, ansin ina Thaoiseach agus ansin toghfaidh Poblacht na hÉireann mar Uachtarán é. Tá aithne againn air mar Éamonn De Valera.

Is fear tírghrácha é Edward,  agus is dóigh liom go bhfuil Luimneach scríofa aige mar áit bhreithe dá bhrí. Níl a fhios aige i gceann cúig bliana déag, áfach, go sabhláfaidh a shaol mar gheall gur Meiriceánach é i ndáiríre.

Ní gheobhaidh Edward vóta Nancy Rogers, mar beidh sí cleamhnaithe le Cumann na nGaedhal (Fine Gael níos déanaí), ar thaobh an Chonartha. Tá Nancy ina cónaí sna Temple Buildings i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Tá sí trí bliana d’aois, agus tá beirt deirfiúracha aici, Ellen (5 bliana d’aois) agus Elizabeth (aon bhliain d’aois). Is tiománaí hacnaí é a athair, Peter, agus is dócha ó na taifead go bhfuil sé trí bliana níos óige ná Ellen, a bhean chéile. Tá a fhios agamsa go bhfuil náire uirthi as a toyboy, agus tá sé bliana aici air i ndáiríre – ní cheapaim go bhfuil  sé sin ar eolas ag Peter, áfach.

Níl tuairim ag an mbean  seo an tionchar a bheidh aici orm. Níl a fhios aici go bhfuil sí chun Michael Kelly (12 bliana d’aois) ó Dhún Bóinne a phósadh, agus go bhfuil sí chun socrú síos leis ansin i gCo na Mí. Níl a fhios ag an gcailín bocht seo, go bhfuil a gariníon chun í a bhrú isteach i gcófra agus í a chur faoi ghlas isteach ann nuair atá sí ina seachtóidí, an scéal a spreagann gaire fós idir mo mháthair agus m’aintín, an coirpeach. Ba í mo sheanmháthair í.

Tá Nancy Rogers chun a bheith an duine is spreagúla don treibh atá againn, fós go dtí an lá atá inniu ann. Carachtar ab ea í, agus choimeád sí suas na nósanna a fuair sí ó Bhaile Átha Cliath – na frásaí a bhí aici atá fós i gciorclaíocht i mo theaghlach féin.

Bíonn sé i gcónaí fíorspéisiúil dom; go raibh tionchar ollmhór ag an gcailín óg seo le trí bliana d’aois ar chlann iomlán, fiú nuair atá sí caillte tríocha bliain anuas – mise faoi ghlas ag an bpíosa páipéir lena hainm air, scríbhneoireacht a hathair agus a shíniú ag bun na mbileoige. Taisce atá inti.

Ceapaim go bhfuil sé fíorghreannmhar freisin, go mbeidh imeagla uirthi nuair a fheiceann sí a deirfiúr, Bessy (Elizabeth: an leanbh beag d’aon bhliain d’aois) ag teacht, ‘an tseanbhitseach craiceáilte sin arís!’ a déarfaidh sí.

Tá an t-eolas a fuair mé ar fáil ag an gCartlann Náisiúnta, ag www.census.nationalarchives.ie. Scaoiltear na dtaifead céad bliain i ndiaidh na daonáirimh agus mar sin tá Daonáireamh na hÉireann 1911 le feiceáil chomh maith.

Rinneadh daonáireamh anuraidh agus tá súil agamsa go mbeidh mise fós i mbeo i gceann nócha is a naoi bhliain chun iad a fheiceáil arís; na daoine a bheidh clú agus cáil orthu nach raibh siad ach ag líonadh isteach píosa pháipéar ar ghnáthoíche; na heachtraí atá rompu ar eolas agam.

Muna ndéanaim é go dtí 119 bliana d’aois, tá beagáinín dóchas orm go mbeidh duine eicínt sa bhliain 2112 ag breathnú ar an bpíosa pháipéar le m’ainm féin scríofa air. Tá rúin ár dtodhchaí ar eolas ag muintir na bliana 2112 agus tá súil agam go mbeidh cineál iontacha déanta or thu!

Gluais

Speargúil- excited/stirring

Cleamhnas- arranged marriage

Advertisements