An bhfuil sé de cheart againn éirí amach i gcoinne na núdarás?

 
 

Tar éis don rialtas géilleadh ar ghearradh na dtáillí uisce, ceistíonn Katie O’Dea, an bhfuil sé de cheart againn éirí amach i gcoinne na núdarás?

Cúis agóide agus corraíl shibhialta is ea iad táillí uisce le blianta beaga anuas. In Aibreán 2017, chuaigh os cionn 10,000 duine chun na sráide i mBaile Átha Cliath ag déanamh agóide i gcoinne na dtáillí. Ní hamháin sin, ach tháinig scéalta chun cinn faoi dhaoine ag cur isteach ar oibrithe Uisce Éireann agus iad ag dul i mbun oibre. Urscaoileadh lucht Jobstown i Meitheamh 2017 tar éis dóibh bheith os comhair na cúirte agus priosúnacht éagóir ar Joan Burton á gcur ina leith. Is mór an méid TD atá tar éis impú ar an bpobal gan táillí uisce a íoc – baill den Dáil ag moladh do dhaoine an dlí a bhriseadh! Tá a dtuairim féin ag gach éinne, ach ardaíonn sé an cheist: an ceart dúinn neamhaird a dhéanamh ar dhlíthe má tá siad míchothrom?

Ar an gcéad dul síos cé aige nó aici a thiteann sé cinneadh a dhéanamh ar chothromaíocht nó míchothromaíocht dlí? Is gá go mbeidh móramh daonlathas ar an aon intinn chun é sin a dhéanamh, rud atá ann le rialtas daonlathach. Is cóir géilleadh do dhlíthe i gcónaí seachas nuair nach bhfuil módh daonlathach len iad a athrú. Is é an daonlathas an coincheap is tábhachtaí anseo. Is éard is daonlathas ann ná córas rialtais reachtálta ag daonra iomlán tíre trí ionadaithe tofa. Mar sin de, eiríonn le mianta an tromlaigh. In Éirinn, is féidir drochpholaiteoirí a chuir as oifig má táimid míshásta leo agus polaiteoir a sheasann do mhianta na ndaoine a chur ina n-áit. Ní mar sin a bhí ann i gcónaí áfach, agus ní mar sin atá ann ar fud na cruinne.

Nuair nach féidir an tsochaí a athrú go dleathach, is beag rogha atá ann seachas neamhaird a dhéanamh ar dhlí, nó fiú éirí amach ina choinne, má chreidtear go bhfuil sé míchothrom.

Go stairiúil, nuair nach raibh daonlathas i bhfeidhm go forleathan, níorbh fhéidir na hathruithe seo a dhéanamh go daonlathach, agus is anseo a cheistimid, an féidir a dlí a bhriseadh? Nuair nach féidir an tsochaí a athrú go dleathach, is beag rogha atá ann seachas neamhaird a dhéanamh ar dhlí, nó fiú éirí amach ina choinne, má chreidtear go bhfuil sé míchothrom. I ndiaidh Chogaidh Saoirse Mheiriceá, d’fhill fir óga Francacha abhaile ar thír a bhí chomh mídaonlathach is a bhí nuair a d’fhág siad.

I Meiriceá, d’fhógair an bunreacht nua go gcruthaítear gach fear ar chomhionann, ach ba chóras monarcacht absalóideach a bhí ann sa Fhrainc. Is beag guth a bhí ag gnáthdhaoine na Fraince ar rialú na tíre agus bhí dlíthe thar a bheith míchothrom i bhfeidhm a thug fábhracht don eaglais agus don uaisleacht ag a raibh níos mó cumhachta acu ná 90% den daonra a d’íoc formhór na cánach. I dtreo dheiridh na 1780idí, mhéadaigh an corraíl shibhialta i bPárás ach go háirithe agus in Iúil 1789, bhreith saoránaigh Párás ar an bpriosún Bastille agus dúnmharaíodh gobharnóir an phriosúin.

Feicfear ar an ócáid seo mar thús na réabhlóide. Níl aon dabht faoi ach gur bhris na réabhlóidithe dlíthe le linn na réabhlóide, ach an féidir breathnú air mar iompar mímhórálta nuair is léir d’éinne le súile gur córas leatromach agus míréasúnta a bhí i bhfeidhm? Cé gur bhris siad an dlí, is beag duine atá den tuairim gur iompar mímhorálta a bhí ann. Mar a tharlaíonn sé, is saoire náisiúnta é an 14ú Iúil sa Fhrainc. Feictear ar ócáidí stairiúla cosúil le réabhlóid na Fraince, stad Rosa Parks i gcoinne dlíthe ciníocha i Meiriceá, agus lucht taepháirtí Boston mar ócáidí ríthábhachtacha don daonlathas agus do chearta daonna, in ainneoin gur briseadh dlíthe. É sin ráite, más rud é nach raibh tacaíocht ag an réabhlóid agus ag na hócáidí eile, b’fhéidir go gcuimhneofar ar na réabhlóidithe mar chorpaigh seachas tírghrátheoirí.

Léiríonn sé seo tábhacht an daonlathais agus an tábhacht a bhaineann le meas a léiriú ar mhianta an tromlaigh. Tugann sé deis dúinn ár smaointí a chur i láthair agus má aontaíonn an tromlach, dlíthe a dhéanamh astu. I gcás na réabhlóide Francach, rinneadh iarracht dlíthe a athrú go daonlathach, ach ní sochaí daonlathach a bhí ann agus ní raibh saoirse cainte ann. Ní raibh an dara suí sa bhuaille acu, ach éirí amach. Is de bharr na ceannairí cróga seo a tháinig forbairt ar sochaithe an domhain agus ar chúinsí sóisialta. Ní cheist faoi neamhaird a dhéanamh ar dhlíthe má chreideann tú go bhfuil siad míchothrom atá suntasach i ndáiríre, ach ceist faoin méid duine a chreideann go bhfuil sé míchothrom agus an méid tacaíochta atá ann dóibh: cinéal quasi-daonlathas más ea.

É sin ráite, is gá go mbeidh ord is eagar ar an sochaí. Ní féidir fáil ré le dlíthe na tíre agus bheith ag súil leis go bhfeidhmeoidh an tsochaí agus gach éinne ag tabhairt a mbreithiúnais féin ar cad é atá ceart agus cad é atá mícheart. I sochaí daonlathach, is gá do dhaoine dlíthe cumtha ag ionadaí tofa a leanúint. I gcás na dtaillí uisce in Éirinn, níl sé inghlactha dlí a bhriseadh. Tá an deis ann polaiteoirí a chur as oifig le vóta tromlach muna n-aontaímid leo.

Muna leanaimid dlíthe lagaímid coincheap an daonlathais. Cruthaíonn polaiteoirí dlíthe a chosnaíonn saoránaigh na tíre. Ní féidir le daoine tuiscint iomlán a bheith acu ar a n-aicsean agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leo dóibh féin agus do dhaoine eile. Mar sin de, is gá dúinn muinín a bheith againn i gcóras daonlathach na tíre agus dlíthe a rinneadh trí phróiséis daonlathacha a leanúint. Innú in Éirinn, tá an ceart seo againn agus tá sé de dhualgas orainn é a úsáid.

Ní hamháin go raibh sé de cheart ag saoránaigh agóid a dhéanamh in aghaidh ghearradh táillí uisce, ach d’fhéadfaí a rá go raibh sé de dhualgas orthu.

Ní hamháin go raibh sé de cheart ag saoránaigh agóid a dhéanamh in aghaidh ghearradh táillí uisce, ach d’fhéadfaí a rá go raibh sé de dhualgas orthu. É sin ráite, ní raibh se de cheart acu an dlí a bhriseadh agus iad ag déanamh agóide. Ní mór dúinn cloí le rialacha na tíre, agus athrú sóisialta a chur i bhfeidhm tré mhódhanna daonlathacha, rud atáimid ámharach bheith againn.

Advertisements