Ag moladh an aonarachas

 
 

Is annamh an rud níos deise ná am a chaitheamh i d’aonair, ach ní ró-mhinic go leagtar béim ar comh tábhachtach atá sé. Roineann Niamh O Regan a smaointe faoi.


IS coitianta go leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le bheith oscailte agus caidreamhach, go háirithe is saol na hollscoile; tá cairde agus caitheamh aimsire nua le fáil i ngach áit. Bíonn an béim dírithe ar an tábhacht a bhaineann le labhairt agus comhluadar, ach ní i gcónaí faoi am a chaitheamh go haonarach.

Tá cuid áirithe, de bheith  in aonair, go bhfuil gá ceiliúradh a dhéanamh faoi. Mórán den am, bíonn an iomarca comhghéilleadh i gceist le daoine; cén áit, cén am cé comh fhada agus a leithéid. Le aonarachas is chugat féin atá na srianta sin, agus tá rud éigin deas úr, fiú saor faoi bheith i d’aonair. Le bheith ghléghlan mar gheall ar, ní atá i gceist le aonarachas sa cás seo go mbíonn duine leo féin go fisiciúil, ach timpeallaithe le rudaí ag cur isteach ort trí do ghuthán nó áiseanna eile. In aonair sa cás seo, is é tú féin, leat féin agus le do smaointe.

Tá easpa ceiliúradh ar thábhacht an aonarachas, tá mórán moladh gan dabht ar an “mindfulness” agus a leithéid, a bheith in aonair agus smaoineamh fút le díriú ar suaimhneas anama a shroicheadh. Tá meon beagáinín diúltach go ginearálta áfach, i dtaobh daoine a bheith ina n-aonair. Tá stiogma áirithe bainte le bheith i do aonar, nó má is rud é go bhfuil tú in áit éigin leat féin go gcaithfidh go bhfuil uaigneas ort, nó rud éigin ag goilleadh ort. Tá an meon seo ag athrú de réir a chéile ach fós níl dearcadh iomlán dearfach i dtaobh ag baint taitneamh as do chomhluadar féin. Is rud difriúil í an uaigneas, agus cé go mbíonn mórán dóibh atá uaigneach aonarach, ach níl an dhá rud domhain ceangailte dá chéile. Bíonn mórán atá ina n-aonar go breá agus mórán atá i mbéal daoine, uaigneach.

“Mórán den am, bíonn an iomarca comhghéilleadh i gceist le daoine; cén áit, cén am cé comh fhada agus a leithéid. Le aonarachas is chugat féin atá na srianta sin”

Ní hea seo le rá nár cheart dúinn a bheith eolasach agus aireach faoin uaigneas, mar is mór an fadhb é. Fiú nuair atá uaigneas ar duine, is buntáiste í an aonarachas dóibh mar slí chun fáil amach díreach cad atá amú, beagán de comhrá agus comhairle leat gan daoine agus gníomh eile ag cruthú a thuileadh strus. Tá cuid de faoi aithne níos fearr a chur ort féin cinnte, ach tá riachtanas áirithe le bheith in ann a bheith i do aonar. Beidh amanna ann agus nach mbeidh éinne timpeall agus caithfear a bheith in ann déileáil le sin. Tá buntáistí bainte le bheith i d’aonair cinnte tá an argóint a tagann go minic go féidir leat aithne níos fearr a chur ort féin. Is deacair a bheith i do aonair nuair nach féidir leat a bheith go hiomlán i d’aonar le do smaointe.

Go hiondúil, tá an cuma ar an sochaí go ceaptar nach ceart do dhaoine a bheith ina n-aonair. Áiteanna agus amanna áirithe, bíonn sé ceadaithe; sa seomra folcadh, sa spórtlann, ag déanamh machnaimh agus a leithéidí mar sin, ach i ngach cás bíonn gníomh áirithe i gceist, agus “gníomh aonair” a bhíonn ann. Caithfidh daoine a bheith timpeallaithe i gcónaí, ní féidir rudaí a dhéanamh in aonair, fiú rudaí nach mbíonn comhluadar daoine bainte leo. Is annamh mar shampla, go bhfheicfeá duine ina aonair sa phictiúrlann mar shampla, bosca dubh áit nach bhfuil fiú deis cainte ann ar feadh dhá uair a chloig.  Ait a dhóthain, fós ceaptar go aisteach an rud é imeacht i do aonar. Is minic go feictear ar dhaoine le trua má is rud é go bhfuil siad ina suí i mbialann ina n-aonair nó ag tógaint pionta deas ciúin dóibh féin.

Uaireannta bíonn rud éigin scanrúil bainte le rud a dhéanamh leat féin don chéad uair, rud mór mar shampla, mar dul ar saoire. Ní hea gníomh an taisteal in aonar, ach dhá nó trí lá a thógaint go hiomlán leat féin, gan plean a eagrú le duine ar bith, na himeachtaí ar fad gur mian leat a dhéanamh a thógaint ort féin a dhéanamh leat féin. Cad atá cearr leis? Is fiú trial a bhaint as; imeacht go mbialann tráthnóna éigin, dinnéar agus gloine fíona a ordú agus é a ithe, taitneamh a bhaint as, gan cuideachta nó comhluadar guthán nó leabhar nó ceol pearsanta. Ní minic go mbíonn daoine leo féin d’aon ghnó, bíonn an saol gnóthach agus ní bhíonn an am, ach tar éis an iarracht a dhéanamh, is féidir mórán taitneamh a bhaint as, is minic go maith an comhluadar an comhluadar a bhíonn leat de shíoraí nuair a tugtar deis do.


Gluais: aonarach – alone uaigneach – lonely comhluadar – company spórtlann –gym suaimhneas anama– inner peace/calm amharclann- theatre cuideachta– company  d’aon ghnó on purpose deis-opportunity

Advertisements