An bhfuil gach cuid den Tíogar Cheilteach glanta ón chóras?

 
 

Leis an olltoghchán i mbéil an phobail, ceistíonn Meabh Ní Choileáin an acmhainneacht atá ag seanchlaontacht áirithe

Sa lá atá ann inniu, ní amháin go bhfuilimid i dteideal ár dtuairimí féin, ach tá muid misnithe iad a chuir in iúl. Más éadrom atá said, ar nós ár rogha gcarachtar ar chlár teilifíse nó níos dáríre, mar shampla an páirtí polaitíochta a thugaimis tacaíocht dó, tá na tuairimí seo á roinnt againn leis an gcuid eile den domhan níos mó ná riamh.

B’fhéidir gur amaideach, míchruinn agus aineolach go bhunúsach atá an chuid is mó de na tráchtanna faoi na físeáin ar YouTube, ach tá guth ag na daoine seo agus ag deireadh an lae, tá an ceart acu é a úsáid, cé gur minic an trua é seo don chuid eile againn.

Ach cé mhéad físeáin popcheol, bombardaithe le tráchtanna áiféiseacha faoi gach rud i dtreo an chiníochais agus na homafóibe, a bhfuil orainn breathnú ar go dtí go mbeidh an líne idir ár dtuairimí agus an chlaontacht sofheicthe dúinn? Le déanaí, agus polaitíocht na hÉireann á bplé agam leis fear tacsaí, dúradh liom gur dócha nach raibh suim i bhFine Gael toisc nárbh as Baile Átha Cliath an cheannaire, Enda Kenny. Dár leis an bhfear seo, ní raibh meas ag muintir Bhaile Átha Cliath ar aon bhlas teanga lasmuigh den Pháil agus go gcailleadh duine ar bith le blas teanga na tuaithe ar ár vótaí anseo sa phríomhchathair mar thoradh.

Cé gur ráiteas áiféiseach é seo i dtreo daoine ar fud na tíre, ní amháin muintir Bhaile Atha Cliath agus nach bhfuil aon fianaise ceangailte leis, fós féin, árdaíonn sé ceist na claontachta sóisialta in Éirinn. Leis an olltoghchán is mó agus is tábhachtaí i mbéil an phobail faoi láthair, an toisc é an claontacht blas teanga gur chóir go mbeadh ár bpolaiteoirí comhfhiosach faoi?

Ar an suíomh www.politics.ie, tá fóram ar an ábhar seo ag dul ar aghaidh le cúpla seachtain anuas agus tá go leor daoine gur dóigh leo gur fadhb é. Is i gcoinne muintir Bhaile Átha Cliath atá siad don chuid is mó, ag rá gur dream árdnósach iad nach dtabharfadh vóta d’éinne lasmuigh dá gceantar féin.

Tá fear amháin den bharúil “nach n-éiródh le pholaiteoir nach raibh blas teanga snoite aige le daoine a mhealladh” agus duine eile cinnte “go bhfuil daoine áirithe i mBaile Átha Cliath fós ag maireachtáil faoi dhúmas bréige”. Ní fhéadfadh leis an méid seo a bheith fíor sa lá atá ann inniu.

Cinnte, i rith ré an Tíogar Cheiltigh bhí dearcadh ann faoi cheantair áirithe i mBaile Átha Cliath, mar shampla, áiteanna a spreag carachtair ar nós Ross O’Carroll-Kelly agus an cineál saol a bhí acu ach, mar atá feicthe againn go soléir le cúpla bliain anuas, tá deireadh ar fad tagtha leis an íomhá sin. Thug airgead bréagach tacaíocht don stíl maireachtála sin agus anois níl fágtha ach drochfhiach agus dúlagar.

Sna laethanta sin, bhí stádas ceanngailte le blas teanga dheisceart Bhaile Átha Cliath; bhí cuma rathúil, rachmasach agus oilte ar na daoine a labhair i mbealach áiraithe ach ní mar sin atá cúrsaí inniu. D’fhéadfá a rá go ndéanann na daoine seo pearsantú ar an téarma “cúlú eacnamaíochta” agus gurb iad na ciontóirí is measa sa phraiseach mór seo.

Ach is argóint é seo atá míchothram ar daoine ar fud na tíre, ní muintir Bhaile Atha Cliath amháin. Má léiríonn blas teanga na tuaithe an ghnáth duine, atá macánta agus a oibríonn go crua, cinnte beidh gach cluais ag éisteacht nuair a árdaíonn sé a ghuth.  Nílimid tógtha le híomhá ar leith níos mó nó blas teanga áiraithe ach oiread.

Ag an bpointe seo, tá freagraí agus réitigh uainn. Is róchuma conas mar a fhúmaíonn sé, má tá polaiteoir amuigh ansin leis an méid sin aige, gheobhaigh sé ár vótaí. Más rud é go raibh claontachta ann maidir le blas teanga, tá na laethanta sin taobh thiar dúinn. Ná déanaigí dearmad gur as Baile Átha Cliath do Bertie Ahern – is leor é sin chun dearchtaí áirithe a athrú.

Gluais

Achmhainneacht – potential

Claontacht – prejudice

Olltoghchán – general election

Toisc – factor

Stíl maireachtála – lifestyle

Pearsantú – personify

Cúlú eacnamaíochta – recession

Advertisements