Is aoibhinn beatha an pholaiteora?

 
 

Le cúpla seachtain anuas, is é an scéal is mó i mbéal an phobail ná iompar pholaiteoirí. Coicís ó shin, d’éirigh an tAire Cosanta, Willie O’Dea, as a phost de bharr gur thug sé eolas mícheart, i bhfios do, don Ard-chúirt i bhfoirm mhionnscríbhinn.

An tseachtain seo caite, d’fhágamar slán leis an Aire Stáit, Trevor Sergant, de bhrí gur scríobh sé litir chuig na Gardaí ar son duine ina dháilcheantar maidir le cás a bhí á fhiosrú – rud nach bhfuil ceadaithe in Éirinn.

Is cosúil go bhfuil dearcadh an phobail i leith pholaiteoirí athraithe ag an bhformhór le tamall beag anuas. Ní ró-mhinic a éiríonn Teachta Dála as a phost láithreach de bharr botúin a rinne siad.

Tógaimis Iar-Thaoiseach Bertie Ahern mar shampla. Bhí sé líomhnaithe go forleathan go raibh sé sáite i gcúrsaí airgeadais mistéirigh sular shochraigh sé bogadh ar aghaidh. Is amhlaidh nach ndearna an beart éigeantach seo mórán dochair dó ag deireadh an lae toisc go bhfuil sé fós ag bailiú pinsin €160,000 gan trácht ar ioncam óna leabhar dírbheathaisnéise.

Tá a fhios ag an saol ag an bpointe seo go bhfuil pá dochreidte ard ag dul d’ár bpolaiteoirí sa tír seo. Agus é ag fáil €228,466, faigheann Brian Cowen tuarastail níos airde ná aon phríomh-aire eile san Eoraip (Nicolas Sarkozy, Angela Merkel agus Gordon Brown san áireamh).

Maidir le hAirí, faigheann siad €191,417 mar bhunthurastail agus ina theannta seo is féidir leo costaisí suas go €63550 a éileamh. Nuair a chuirtear é seo i gcomparáid le tuarastail múinteora, mar shampla, a thuileann €59,395 sa bhliain, in ndiaidh 25 bliain ag múinteoireacht is léir foinse feirge an phobail.

Cheapfá go mbeadh saol breá ag polaiteoirí mar sin. Ní gá dóibh a bheith sa Dáil ach ar feadh 120 lá i rith na bliana, ciallaíonn sé sin go dtuilleann siad thart ar míle euro do gach lá atá siad ann. Ar an taobh eile den bhád, áfach, is minic a dhéanaimid dearmad ar an obair a dhéanann Teachtaí Dála ina gceantair féin agus an easpa saoirse agus príobháideachais a bhaineann leis an ngairm seo. Ag deireadh an lae is slí bheatha é seachas post.

Anseo i UCD ag an am seo den bhliain bíonn daoine ag ullmhú do thoghcháin an Aontais. De ghnáth, bíonn floscadh agus fíor-iomaíocht i gceist leis an toghcháin seo.

Bíonn liosta na n-iarrthóirí lán de dhaoine cumasacha, spreagúla ag déanamh a ndícheall ag déanamh aon rud chun a gcuid smaointí agus tuairimí a chur ós ár gcomhair agus, níos tábhachtaí fós, chun muid a ghríosadh vóta a chaitheamh dóibh.

Ach i mbliana tá cúrsaí difriúil. Níl ach seachtar ag seasamh sa toghcháin i gcomhair an chúig oifig shabóidigh, rud a chiallaíonn go mbeidh post an Uachtaráin, post an Oifigigh Shiamsaíochta agus post an Oifigigh um Leasa gan choimhlint. Tá sé deacair a rá cad is cúis leis an laghdú drámatúil seo.

Ar ndóigh níl an tuarastail céanna ag dul d’oifigigh Aontas na Mac Léinn is atá ag dul dóibh siúd sa Dáil (An bhliain seo caite íocadh €110,000 as an gcúigear oifigeach.) Ach níl athrú mór tar éis teacht ar sin, mar sin ní mhíneodh sé sin an laghdú.

Seans go bhfuil muinín iomlán ag daoine as Lynam, Cosgrove agus Ahearn agus níl éinne ag iarraidh seasamh ina gcoinne. Nó b’fhéidir de thoradh iompar polaiteoirí áirithe le déanaí agus meon an phobail ina leith dá bharr, tá mealladh na gairme beatha seo ag dul i léig go ginearálta.

‘An té is ciúine is é an té is buaine’ a deir an seanfhocal. Más fíor é seo i gcás toghchána gach seans go mbeidh bliain den scoth i ndán don Aontas atá le teacht!

Advertisements