Gréim na Grimes

 
 

Le teacht an gheimhridh gach bliain, caithfidh daoine rud éigin a fháil chun na hoícheanta fada, dorcha a líonadh. Leis an gcúlú eacnamaíochta agus an chaint faoi bhuiséad agus rátaí dífhostaíochta atá ag síormhéadú i mbliana tá siamsaíocht saor, taitneamhach níos tábhachtaí anois ná le blianta beaga anuas.

John_and_Edward_01_624345aNuair a smaoiním ar a leithéid de rud ní thagann ach rud amháin chun chuimhne dom, sin The X Factor agus na deartháireacha Grimes ach go háirithe.

Tá ‘Jedward’, mar a thugtar orthu, mar chuid lárnach do mo sheachtain anois agus leis The X Factor ag fáil mairnéalaigh thart ar 11 milliún go rialta tá an chuma ar an scéal nach bhfuilim i m’aonar!

Dá gcuirfeá ‘John and Edward’ isteach i Google ceithre mhí ó shin ba é an rud a thiocfadh ar ais chugat ná eolas faoi John Edwards an polaiteoir ach sa lá atá inniu ann tá cúrsaí athraithe go hiomlán. Ar Facebook tá breis is 3,000 grúpa faoi Jedward.

Is léir go bhfuil daoine ann gur fuath leo garsúin na gruaige airde ach ar an taobh eile den bhád is cinnte go bhfuil an-chuid daoine ann gur bhreá leo iad mar maítear go bhfuair siad i bhfad níos mó vótaí ná aon iomaitheoir eile coicís ó shín.

Ach cén fáth a bhfuilimid gafa leis na buachaillí bithiúnta seo? Nuair a chasamar orthu don chéad uair ag na héisteachtaí, nuair a chan siad ‘I Want It That Way’, bhí náire an domhan orm ar a son agus nuair a d’fhreagair John ceist Cheryl “Cá bhfeiceann sibh sibh féin i gceann 15 bhliain?” le “Bhuel, feicimse me féin níos sine”, ceapaim go raibh náire ar an tír uilig!

Bhí mé ar buile go bhféadfadh buachaillí aineolacha, gan tallann an cheoil acu dul ar aghaidh go dtí Boot Camp in áit duine eile. Fuair siad an-chuid drochíde ó na meáin i dtosach báire.

Scaoil an lucht éisteachta leo agus iad ar an stáitse agus is gá cuimhneamh nach bhfuil siad ach ocht mbliana déag d’aois ach is féidir a rá gur chabhraigh sé sin leo go fadtéarmach mar in ainneoin na ndeacrachtaí ar fad tháinig siad amach agus thug siad taispeántas muiníneach agus rabairneach do ‘Rock DJ’ le Robbie Williams don chéad seó beo.

Anois tá rudaí difriúil, admhaíonn Louis Walsh féin, nach bhfuil nóta ina gcinn acu ach cuireann siad taispeántas spreagúil ós ár gcomhair gach uile Shatharn. Tá siad éagsúil ó na hiomaitheoirí eile a bhíonn ar chláir mar seo. Ní gá dúinn a bheith neirbhíseach dóibh má chanann siad nóta as tiúin nó má tá taispeántas nach bhfuil foirfe acu agus is é sin an bua is mó atá acu i mo thuairim.

Siamsaíocht éadrom atá iontu, is féidir linn ár scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as an léiriú. Is faoiseamh é ón ngnáth shaol mar bíonn d’aird ina hiomláine dírithe ar an stáitse agus ar na buachaillí eisceachtúla seo. Fiú ma chuireann siad déistin ort bíonn beagnach gach duine fiosrach faoi chéard a dhéanfaidh nó céard a chaithfidh siad don chéad taispeántas eile.

Is feiniméin suimiúil iad Jedward, ceapann daoine go bhfuil siad thar barr nó uafásach ar fad. Tá t-léintí agus geansaithe ar díol ar fud an idirlín ar a bhfuil ‘Is aoibhinn liom Jedward’ nó ‘Is fuath liom Jewdard’ agus toisc go vótálann daoine ar an duine/daoine a thaitníonn leo seachas an duine a bhfuil siad ag iarraidh fáil réidh leo is dócha go mbeidh an cúpla conspóideach linn ar feadh tamaill eile. Ag deireadh an lae an féidir leo an comórtas a bhuachan? Dar le t-léine a chaith Peaches Geldof le déanaí, ‘Jed We Can!’

Advertisements