Éire na gcéad míle fáilte?

 
 

An bhfuil ár tír comh fáiltiúl mar a chreidtear? Chuir Maria Ní Shíthigh plé

Tá clú agus cáil ar Éire mar thír fáilteach le fada an lá. Fiú sa lá atá inniu ann ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar scannán ar nós P.S. I Love You chun íomhá de thír álainn a fháil, ina bhfuil craic agus spraoi mar chroílár shaol na ndaoine. Nuair a thagann Meiriceánach (Holly) go hÉirinn cuirtear fáilte mór roimpi. Cuirtear ceol agus cultúr na tíre ós a comhair agus taobh istigh de chúpla lá is cosúil le duine áitiúil í sa teach tábhairne.

Ach an bhfuil bun leis an gclú seo? An é seo an taithí a bhíonn ag gnáth-eachtrannaigh agus iad sa tír seo?

Leagann scéal Toyosi Shittabey, an déagóir Nigéarach a bhí sáite chun báis seachtain ó shin i mBaile Átha Cliath, béim ar na fothonaigh ciníocha atá le brath i gcultúr na hÉireann. I ndiaidh an sáigh seo, tá tuilleadh eolas á scaipeadh faoin dearcadh ciníoch atá ag roinnt mhaith Éireannaigh i leith neamhnáisiúnaigh. Tuairiscíodh le déanaí san Irish Times tuarascáil ar thorthaí thaighde a rinne Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) a léiríonn go bhfuil 46 as céad de mhúinteoirí feasach ar theagmhas bainteach le ciníochas ina scoil féin sa mhí seo caite amháin. Ina theannta sin, dúirt 32 as céad nach raibh polasaí foirmiúil acu chun dul i ngleic leis an saghas eachtra seo.

An féidir linn tír fháilteach a thabhairt orainn féin nuair a réalann dearcthaí réamhchlaonta mar seo iad féin seachtain i ndiaidh seachtaine? Cé mhéad scéalta mar seo a chonaiceamar sna nuachtáin le bliain anuas? Is tragóid é bás Shittabey, ach ní hé an céad íospairteach de dhearcaidh ciníocha sa tír seo.

Dar le halt a d’fhoilsigh The Lonely Planet an mhí seo caite tá Éire ar cheann de na 10 tíortha is fearr ar dhomhain ó thaobh fáilteacht de. Mar sin, caithfidh go gcuirimid fáilte roimh dhaoine áirithe a thugann cuairt ar an tír seo. An é gur fáilteoirí roghnaíoch muid? Is amhlaidh go bhfuilimid thar a bheith deas do thurasóirí a chaitheann airgead anseo agus a chuireann go mór le geilleagar na tíre seo sula n-imíonn siad abhaile arís ach go ndéanaimid faillí, go nglacaimid olc fiú, leo siúd a thagann anseo chun saol níos fearr a dhéanamh dóibh féin agus a bhíonn i ngá ár gcabhair.

‘No Dogs, No Blacks, No Irish’ a chonaic ár sinsir tráth nuair a b’éigean dóibh dul ar imirce. An é seo an teachtaireacht a bhfuilimid ag iarraidh a thabhairt d’imircigh na tíre seo? Ach go háirithe sa lá atá inniu ann leis an gcúlú eacnamaíochta tá méadú mór tagtha ar líon na gcéimí Éireannacha atá ag tógáil an bád bán chun post maith a fháil. An mbeimis sásta a bheith caite linn sa chaoi is a gcaithimid le himircigh sa tír seo?

É sin ráite, níl sé cothrom drochcháil a tharraingt ar an dtír uilig de bharr ghníomhartha mionlach ciníoch. Chuile bliain tagann na mílte chuig an tír seo agus imíonn a bhformhór le dea-chuimhní dá dtréimhse anseo. Ní muid féin a thug ‘Éire na mílte fáilte’ orainn féin agus caithfimid a bheith dóchasach go mbeidh an teidil seo fós oiriúnach dúinn sna blianta atá amach romhainn.

Advertisements