Do rogha shamhraidh

 
 

Cén sórt shamraidh ba mhaith leat an bhliain seo? Tá an taighde déanta ag Maria Ní Shíthigh

Leis na hoícheanta ag éirí níos faide agus gan ach sé seachtaine teagaisc fágtha, tá an-chuid dúinn ag smaoineamh ar an samhradh atá ag teacht. Ag pointe áirithe le linn ár dtréimhse ollscoile, tugaimid go léir faoi deara go bhfuil deireadh tapa ag teacht lenár gcuid samhradh breátha fada.

Don chuid is mó dúinn is ionann dul amach sa saol mór agus laghdú mór ar ár gcuid laethanta saoire. (Seachas na daoine atá ag dul ag múinteoireacht dár ndóigh!) Nuair a smaoinímid ar an bhfíric mhíchompordach seo tá sé fusa dúinn a fheiceáil an tábhacht a bhaineann le samhraidh ollscoile. Dá bhrí sin is cinneadh tábhachtach é an chaoi a caithfidh tú do shamhradh.

Féachaimis ar an J1 i dtosach. Is cosúil le deasghnáth aistrithe saoil é J1 le daoine óga sa tír seo le blianta beaga anuas agus le féidearthachtaí fostaíochta, aimsir álainn agus an-chuid daoine óga ann ní haon ionadh é go bhfuilimid ag iarraidh ár gcuid féin den ‘fhís Mheiriceánach’ a bhaint amach.

Ar chostas thart ar €100, tugann an J1 deis duit cur fút agus post a fháil in aon áit sna Stáit Aontaithe ar feadh ceithre mhí. Tá scéalta cloiste ag an saol faoi dhaoine a chuaigh amach ansin, a fuair poist mar ghardaí tarrthála agus a raibh saoire bhreá shaor acu ach ar an taobh eile den bhád téann an-chuid daoine amach ansin nach bhfuil in ann post a fháil agus a bhíonn orthu teacht ar ais go luath de bharr easpa airgid.

Chun é seo a sheachaint, molann USIT post a shocrú sula dtéann tú más féidir. Murar féidir, ba chóir duit dul ann go luath, chun buntáiste a thabhairt duit féin. Ina theannta sin deirtear go bhfuil poist níos flúirsí ar an gcósta thoir ná thiar. An píosa comhairle deireanach ná bain úsáid as pé teagmhálaithe atá agat agus bain taitneamh as!

Mura bhfuil tú ag iarraidh an samhradh ar fad a chaitheamh thar lear b’fhéidir gurb fhearr leat Interrailing.

Is éard atá i gceist le Interrailing ná ticéad amháin a cheannach a thabharfaidh deis duit taisteal a dhéanamh ar fud na hEorpa ar thraein. Is féidir ticéad a mhairfidh 15 lá a fháil (€279), ceann a mhairfidh 22 lá (€309) nó ceann a thugann deis duit 10 lá de thaisteal a dhéanamh i 22 lá (€239).

Is rogha cliste é an ceann deireanach más mian leat trí lá nó níos mó a chaitheamh i ngach áit mar tá sé i bhfad níos saoire agus ní gá duit é a bhailíochtú go dtí go bhfágann tú an chéad chathair. Is deis iontach í seo an Eoraip a fheiceáil agus má tá tú sásta fanacht i mbrúnna óige beidh an deis agat bualadh le daoine óige eile ó thíortha éagsúla ar bhealach neamhchostasach.

Rogha nua i measc na ceannphointí samhraidh is í an Téalainn. Is féidir leat dul agus teacht ar ais ar chostas €450, mar sin níl sé i bhfad Éirinn níos chostasaí ná dul go Meiriceá. Ina theannta sin, tá lóistín i bhfad níos saoire sa Théalainn ná in aon cheann do na roghanna eile.

Tá réimse leathan rudaí le déanamh sa Théalainn idir dul chuig cóisir an luan nua nó dul ar ‘Pub Crawl’ ar abhainn. Ag an am céanna is iomaí ní atá le déanamh nach bhfuil bainteach leis an alcól, a thabharfadh blaiseadh do chultúr na tíre seo duit.

Cibé rud a dhéanann tú an samhradh seo is amhlaidh go mbainfidh tú taitneamh as agus go mbeidh cuimhní ceanúla agat ó do thréimhse ag taisteal. Níl aon tinteán mar do thinteán féin…ach amháin sa samhradh

Advertisements