Ara fliuch!

 
 

Deireadh an tSamhraidh buailte linn, an craic ar fad ag imeacht. Is ea, tá sé in am dúinn na buicéid agus na spáda a chur ar ais san áiléar chomh maith le héadaí an tsamhraidh (má’s rud é gur tháinig said anuas ar chor ar bith i mbliana). Is deacair an rud é an díocas a cheilt ag an am seo den bhliain, nach ea? Bhuel seans nach bhfuil sé chomh deacair sin.

I dtosach, déarfaidh mé an méid seo: tá an samhradh thart. Sin é. Ní mór dúinn é sin a ghlacadh. Níl ann ach an chéad sheachtain agus tá ceacht de na ceachtanna is tábhachtaí sa saol foghlamtha agaibh. Ní fhéadfadh sibh a rá nach bhfoghlaimíonn sibh aon rud anseo san ollscoil fiú muna bhfreastlaíonn sibh ar na rudaí sin a bhíonn ar siúl sna halla léachtaí. Léachtaí, is ea.

Rud eile – ní féidir linn críoch na deá-aimsire a chaoi mar ní raibh sí ann sa chéad áit. Ar an ábhar sin, ní dóigh liom go mba cheart dúinn riamh a bheith ag tnúth leis an samhradh. Má bhímid ag tnúth le rud éigin is minic a bhíonn díomá orainn nuair a thagann sé. Níl an samhradh chomh iontach sin ar aon chuma. Is fearr i bhfad, dar liomsa, an geimhreadh.

Tagann seisean agus deir sé linn go macánta go bhfuilimid ag dul a bheith fuar. Ach uaireanta, tugann sé bronntanas dúinn, corrlá grianmhar i lár mí na Samhna agus is féidir linn ceann de na geansaithe a bhaint dinn ar feadh an lae. Ach toisc nach mbímid ag súil le rud ar bith speisialta, ní bhíonn díomá orainn. Tagann an samhradh agus ligeann sé air go dtabharfaidh sé deá-aimsir leis. Creidimid é. Cuirimid muinín ann. Ach níl ann ach bréaga.

Dúradh liom go raibh an samhradh uafásach i mbliana anseo in Éirinn. I rith domsa a bheith ag obair faoin ngrian aoibhinn i bPáras (b’éigean dom é sin a lua), bhí mo chomhthírigh sa bhaile ag dul i bhfliche.
I ngeall ar an drochaimsir cuireadh Seó Talmhaíochta na Tulaí Móire ar ceal don dara bliain as a chéile, rud nach raibh Tomáisín Pio róshásta leis. B’eisean rogha na coitianta chun an duais, Tarbh na Bliana, a bhuachaint. Agus bhí roinnt mhaith bhólachta leis sa chomórtas chomh maith.

Bhraith ár gcairde i mBaile na hAbhann fiú éifeachtaí na drochaimsire. Bhí orthu cúpla eagrán den gclár samhraidh is fearr riamh a chur ar ceal. Tá ráflaí ann, ámh, go bhfuil siad ag cur tús le sraith úrnua, Pop 4 an Gheimhridh, ina mbeidh agallaimh go leor as Gaeilglish leis na hamhránaithe is tréithiúla i mBaile Átha Cliath Theas. Seans nach bhfuil sé sin fíor ar chor ar bith, áfach.

Ar aon nós, ní raibh sibh ag súil leis an tseachtain seo. Tuigim. Ach b’fhéidir gur mhaith an rud é sin. Is ea, rachaidh an aimsir in olcas (má’s féidir) agus beidh Pádraig Ó Cionnaith ar ais ar an scáileán agus tá orainn freastal ar léachtaí. Ní mórán é seo le bheith ag súil leis. Ní gá dom a thuilleadh a rá. Fáilte ar ais.

~~

Gluais:

díocas: enthusiasm
ceacht: lesson
a chaoi: to lament
mo chomhthírigh: my compatriots
rogha na coitianta: the bookies’ favourite

Advertisements