An trá: bás nó athbhreith?

 
 

D’fhás mise aníos leis an smaoineamh gur tír ráthúil í mo thírse; tír ina dtéann formhór na ndaoine óga chun na hollscoile, mar a bhféadfaidís staidéar a dhéanamh ar cibé rud a thaitníonn leo. Ní bheadh ar na hógánaigh seo a bheith róbhuartha faoi chúrsaí fostaíochta mar bheadh postanna a dhóthain ann do gach aon duine. Murab ionann agus a dtuismitheoirí, d’fhéadfadh na mic léinn seo dul i mbun staidéir, gan smaoineamh go díreach ar an bpost a bheadh ann dóibh ag deireadh an chúrsa.

B’shin í an Éireann a raibh aithne agamsa uirthi. Ach bhraith mé i gcónaí go raibh rud éigin aisteach fúithi. Nuair a chuir mé m’Éireannsa i gcomparáid lena steiréitíopaí, ní mar a chéile a bhí an dá thír. Aon uair a luainn mo náisiúnacht agus mé sa Fhrainc i rith an tsamhraidh, deirtí na rudaí céanna liom i gcónaí. “Ah, muintir na hÉireann: is breá leo leann dubh; cine an-Chaitliceach; tá siad thar a bheith fáiltiúil; achmhainn grinn iontach acu.” An aithnímid na daoine seo ar chor ar bith?

Ceart go leor, táimid fós an-tógtha le Guinness. Ach i gcás na dtréithe a bhféadfaimis a bheith bródúil as, an bhfuil ceann ar bith acu caomhnaithe againn? Is cinnte nach féidir a rá go bhfuilimid an-Chaitliceach. Léiríodh é seo beagnach trí bliana déag ó shin leis an reifreann ar ábhar an cholscartha. Ina theannta sin tá líon na scoileanna a bhfuil bainistíocht Chaitliceach acu ag dul i laghad.

Ach is mór an trua é an fhlaithiúlacht agus an greann a bhaineann le pearsantacht na hÉireann a chailleadh. Agus is é an rud é go bhfuil sé caillte in áiteanna. Ar shiúlóid tríd na cathrach anseo, nó trí bhaile mór ar bith eile sa tír seo, is féidir strus na ndaoine a bhrath agus is deacair an rud é iad a shamhlú ag gáire.
Bíonn steiréitíopaí ag gach tír agus athraíonn siad seo i gcónaí. Jan, cuir i gcás: Gearmánach ar bhuail mé leis a bhí greannmhar. Nó Alice arbh as an Astráil di; ní raibh sí sprionlaithe (cheannaigh sí caife dom uair amháin). Tar éis dúinn bualadh le neart daoine ó thíortha éagsúla, is féidir linn fírinne na steiréitíopaí a fhiosrú.

Go traidisiúnta cuirtear an-fháilte roimh mhuintir na hÉireann nuair a théimid thar sáile. Ach má scaiptear an scéal go bhfuilimid tar éis éirí fuar agus míchairdiúil agus nach bhfuil achmhainn grinn rómhaith againn tá seans maith ann nach bhfaighimid an Céad Míle Fáilte a mbeimis ag súil leis.

Cén saghas tíre ab ea í ar aon chuma, an tír seo a thuill Céad Míle Fáilte ó chian is ó chóngar? Is duine óg mise ach trí leabhair, scannáin agus amhráin na tíre, tá íomhá cruthaithe agam de mo dhúchas. Seo í an tír a chruthaigh amhráin ar nós, Ag Teacht Abhaile agus Ellis Island.

Is iomaí bailéad ón tír seo a phléann an imirce, cúpla ceann acu i measc na n-amhrán is deise agus is corraithí dá bhfuil ann. Insítear dúinn faoin imirceach agus faoin gcumha atá air i ndiaidh a bhaile. In Ag Teacht Abhaile, maítear gur deas an rud é teacht abhaile mar “is ann a gheobhaidh tú síochán go deo.” Ní dóigh liom go bhfaigheadh na himircigh seo an síochán a bheadh uathu in Éirinn an lae inniu.

Nílimid cinnte fós go gcruthóidh an meathlú geilleagrach seo glúin nua imirceach. Ach beidh athruithe ann, cinnte. Tá gach duine an-diúltach faoi seo ar fad: eacnamaithe,tógálaithe, banaltraí… an lucht oibre go bunúsach. Ach dúinne ar fad, mar náisiún, seans nach bhfuil sé seo chomh dona sin. Seans go n-aimseoimid muid féin, muintir na hÉireann: Aiséirí anam na tíre. Tá tuairim againn cé muid féin i ndáiríre ach an bhfuilimid cróga go leor chun glacadh leis?

~~~

Gluais

an trá: the recession
ráthúil: prosperous
achmhainn grinn: sense of humour
reifreann: referendum
colscaradh: divorce
sprionlaithe: stingy
meathlú geilleagrach: economic downturn

Advertisements