An Sean Mhordach: Saineolaí nó seafóid?

 
 

An raibh fhois ag éinne go mbeadh an aimsir fuar ag teacht? Bhí fhios ag duine amhain, deir Maria Ní Shíthigh

Thart ar an uair seo anuraidh, fuaireamar sneachta anseo i UCD agus b’aoibhinn an ní é. Cuimhním ar meallta sneachta i Léachtlann L agus troid sneachta ollmhór idir na scoileanna éagsúla ar champas. Bhí gach duine ar bís. Níor mhair an sneachta ach ar feadh lá nó dhó an uair sin, agus dá bhrí sin, scéal iomlán difriúil a bhí i gceist le titim sneachta na bliana seo.

Tús na Feabhra atá ann fós agus tá níos mó sneachta feicthe agam sa mhí dheireanach ná riamh i mo shaol! Measaim go bhfuil sé cothrom a rá gur éirigh daoine bréan de an uair seo, ach go háirithe mura raibh uisce reatha acu. Cáineadh an rialtas go forleathan de bharr easpa ullmhúcháin: ní raibh dóthan grin do na bóithre agus dúnadh scoileanna ar fud na tíre. Bhí an tír ina praiseach ceart.

Cuireadh an milleán ar an rialtas ach ar chóir go mbeadh a fhios acu go raibh sé seo ag teacht? An raibh a fhios ag éinne go raibh sé ag teacht? Bhuel, bhí a fhios ag fear amháin, (agus ní Daithí Ó Sé a bhfuilim ag tagairt dó ach oiread): An Sean Mhordach. Is í an ghné is spéisiúla den scéal, ná gur scríobh sé sa bhliain 1764 go mbeadh sneachta againn i mí Eanáir 2010.

Is féidir a rá, gan amhras, nach aon bheart mór é sneachta a thuar do mhí Eanáir, ó thaobh na réamhaisnéise de. Nach bhféadfaimis é sin a dhéanamh muid féin? Cén fáth, mar sin, a bhfuil clú agus cáil ar an Mordach? Agus an bhfuil aon fhiúntas ag baint lena bhfuil á rá aige?

Thuar sé go mbeadh an bua ag Ciarraí agus Cill Chainnigh i gcluiche cheannais na hÉireann sa pheil agus san iománaíocht i 2009, agus bhí an ceart aige. Beidh an bua ag Cill Chainnigh arís i mbliana, ach caithfidh go raibh drochlá aige nuair a scríobh sé go mbeadh an bua ag Corcaigh sa pheil. (Tuairim Cíarraígh neamhchlaonta!)

Ceann eile dá dtuartha nach bhfuil cuma ró-dhealraitheach air faoi láthair, ná go mbainfidh Tiger Woods Craobh na Máistrí agus Craobh Oscailte Gailf na Breataine amach i mbliana. Bheinn i m’iompaitheach ceart dá dtarlódh sé sin!

Deirtear gur thuar an Mordach bua toghcháin Barack Obama i 2009, agus deir sé go mbeidh tinneas maidine ag a bhean chéile Michelle i mí Meithimh 2010. Ceapaim gurb é an rud is fearr liom faoin Mordach ná an chaoi inar thuar sé eachtraí sonracha. Cé go raibh sé ag scríobh beagnach 250 bliain ó shin, níl faitíos air eachtraí mionsonraithe a léiriú. Tá suim faoi leith aige in san Teaghlach Ríoga, de réir dealraimh. Tá sé scríofa aige go n-éireoidh an Bhanríon as a post agus go mbeidh an Prionsa Séarlas i gceannas. Ní hamháin sin, ach go mbeidh an-mheas air in Éirinn. Ar an taobh eile den bhád, ba chóir do William agus do Harry a bheith fíor-chúramach agus iad ag eitilt i mí Meithimh, mar dár leis an Mordach, beidh timpiste héileacaptair i ndán do cheann acu.

Nuacht eile: éiríodh Oprah as a post, pósfaidh Madonna duine dá haois fhéin agus gheobhaidh Osama Bin Laden bás i gceann dá bpluaise.

Dóibh siúd a bhfuil suim acu sa spóirt: bainfidh an Spáinn an Corn Domhanda amach, Toulouse an Heineken Cup, beidh an bua ag Serena Williams agus ag Roger Federer i Wimbledon, agus ag Kauto Star sa Chorn Órga.

Ach i mo thuairimse, is í an chuid is tábhachtaí dá thuartha do 2010 ná go mbeidh Meitheamh, Iúil agus Lúnasa go hálainn! An mbeidh an ceart aige? Tá súíl agam! Ach mar a deirtear, is maith an scéalaí an aimsir.

Advertisements